Vaimpír (ialtóg)
Cuma
Desmodontinae | |
---|---|
Desmodus rotundus | |
Tacsanomaíocht | |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Chiroptera |
Fine | Phyllostomidae |
Fofhine | Desmodontinae Bonaparte, 1845 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Súmaire fola |
Is ialtóg í an vaimpír[1] atá dúchasach do na trópaicí sa Domhan Úr. Clárfhiacla géara bioracha aici. Gan eireaball. Eitlíonn sí go híseal os cionn na talún. Ólann sí fuil. Tuirlingíonn sí ar talamh gar d'ainmhí agus siúlann chuige. Uaireanta bearrann sí gruaig nó cleití lena fiacla, déanann gearradh éadomhain lena clárfhiacla, gan cur isteach ar an gcreach, agus ólann suas an fhuil. Tá claiseanna ar a teanga chun an fhuil a iompar isteach ina béal. Cuireann a seile cosc ar théachtadh na fola, agus féadfaidh an créacht fuil a chur ar feadh 8 n-uair nó mar sin. Ólann sí ar feadh cúpla uair, suas le 20 ml san oíche. 3 shaghas ann: an ghnáthvaimpír, an vaimpír bhánsciathánach, an vaimpír chlúmhchosach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““vaimpír” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-24.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Vaimpír". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 695.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |