V. K. Krishna Menon
Dlíodóir, taidhleoir agus státaire as an India ab ea Vengalil Krishnan Krishna Menon nó V. K. Krishna Menon (3 Bealtaine 1896 – 6 Deireadh Fómhair 1974). Bhunaigh sé an Ghluaiseacht Neamhailínithe sna 1950idí.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le dlíodóir ceannasach i Kerala ba ea Menon, a rugadh sa bhliain 1896. Bhain sé céim BA amach de chuid Choláiste na hUachtaránachta, Chennai (Madras) sa bhliain 1918. Rinne sé ansin staidéar i gColáiste Dlí Madras sular lean sé lena chuid oideachais i Londain (UCL, MA 1930; Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitíochta Londain - LSE, 1934).[1]
Glaodh mar abhcóide de Chumann Onórach an Teampaill Láir air sa bhliain 1934. Bhí sé gníomhach san fhoilsitheoireacht agus i bpolaitíocht na heite clé sa Ríocht Aontaithe sna 1930idí. Spreag sé Allen Lane sa bhliain 1935 le Penguin Books a bhunú agus ba é an chéad eagarthóir coimisiúnaithe dá chló Pelican dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Ceapadh Menon mar chéad Ard-Choimisinéir na hIndia sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1947 i Londain (1947-52). Ceapadh é ansin mar Ambasadóir na hIndia chun na Náisiún Aontaithe (1952-62). Bhí dearcadh frith-impiriúlaíocha aige i Nua-Eabhrac.
Bhí sé ina Aire Cosanta ar an India ó 1957 go 1962; d'éirigh sé as i ndiaidh na buaite a bhí ag an tSín sa Chogadh Sino-Indiach (1962).
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áirítear le leabhar de chuid An Dochtúra Cháit Ní Máille Ireland, India and empire: Indo-Irish radical connections, 1919-64 (Cló Ollscoile Manchester, 2008) plé ar na naisc a bhí ag Menon le hÉirinn agus le radacaithe Éireannacha le linn a chuid ama i Londain.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "V. K. Krishna Menon". Dáta rochtana: 2021.