Véineas as Willendorf
Appearance
Cineál | dealbh agus fionnachtain seandálaíochta |
---|---|
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 7 Lúnasa 1908 |
Áit ar tháinig air/uirthi | Willendorf II (en) |
Tréimhse ama | Gravettian (en) |
Seánra | deilbhín Véineas |
Gluaiseacht | Ealaín Phailéiliteach |
Déanta as | aolchloch úilíteach |
Méid | 11.1 () cm |
Natural History Museum, Vienna (en) (Vín) |
Tugtar Véineas as Willendorf, nó Bean as Willendorf,[1] ar dhealbh bheag, 11.1 cm ar airde, a fuarthas ar an 7 Lúnasa 1908 in Willendorf, baile beag san Ostair. Cruthaíodh an dealbh timpeall 29,500 bliain ó shin.
Tá an dealbh déanta as úilít (aolchloch); níl úilít ar bith le fáil sa cheantar.[2] Meastar go mb'fhéidir go bhfuarthas an úilít in aice le Loch Garda.[3][4] Thángthas ar an saothar seo go domhain faoin talamh.[5]
B'fhéidir go bhfuil an bhean (nó an bandia) ag iompar clainne, nó b'fhéidir go bhfuil sí de chineál "Hotantatach".[6][7] Meastar gur le haghaidh searmanais reiligiúnacha nó draíochtúla a úsáideadh an dealbh seo.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Woman of Willendorf nó Venus from Willendorf
- ↑ Matthew Goodrum (2022-07-31). "Josef Szombathy (1853-1943)" (as en).
- ↑ Gerhard W. Weber, Alexander Lukeneder, Mathias Harzhauser, Philipp Mitteroecker, Lisa Wurm, Lisa-Maria Hollaus, Sarah Kainz, Fabian Haack, Walpurga Antl-Weiser, Anton Kern (2022-02-28). "The microstructure and the origin of the Venus from Willendorf". Scientific Reports 12: 2926. doi: . ISSN 2045-2322. PMID 35228605. PMC:8885675.
- ↑ nó san Úcráin (thángthas ar dhealbha eile den saghas seo sa tír sin)
- ↑ zobodat.at (2008). "The anthropomorphic figurines from Willendorf". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Hottentot (racial term)" (as en) (2024-05-06). Wikipedia.
- ↑ "Sarah Baartman" (as en) (2024-07-08). Wikipedia.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ealaín Phailéiliteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |