Uimhir fhoirfe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bosca Sonraí UimhirUimhir fhoirfe
Perfect number Cuisenaire rods 6.png
Cineál cineál uimhreach Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna
Foirmlí
Slonn ailgéabrach Cuir in eagar ar Wikidata

Sa mhatamaitic, is uimhir í an uimhir fhoirfe a bhfuil suim a roinnteoirí cothrom leis an uimhir féin. Mar shampla is iad roinnteoirí 6 ná 1, 2, 3, agus 1 + 2 + 3 = 6. Is iad roinnteoirí 28 ná 1, 2, 4, 7, 14, agus 1 + 2 + 4 + 7 + 14 = 28. Is í 496 an chéad uimhir fhoirfe eile. Thug Eoiclídéas an fhoirmle seo ina Uraiceacht chun uimhreacha foirfe a aimsiú: más uimhir phríomha í 2n - 1, is uimhir fhoirfe 2n-1 (2n - 1). Is ré-uimhreacha iad na huimhreacha foirfe ar fad a aimsíodh do dtí seo, níl a fhios an bhfuil a leithéid de rud agus corruimhir fhoirfe ann.