Two Door Cinema Club
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 2007, Beannchar, Contae an Dúin |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 2007 – |
Lipéad ceoil | Kitsuné |
Seánra | Leictreaphop agus rac indie |
Suíomh gréasáin | http://twodoorcinemaclub.com |
Is banna rac-cheoil é Two Door Cinema Club. Is as Tuaisceart na hÉireann dóibh.Tá triúr sa ghrúpa - Sam Halliday, Alex Trimble agus Kevin Baird.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuail Trimble agus Halliday le chéile ar dtús nuair bhí siad ag freastal ar scoil ghramadaí. Bhuail siad le Baird nuair a bhí siad amuigh le cairde. Thosaigh an banna amach le ceathrar ball faoin ainm "LifeWithoutRory", ach d'athraigh siad an t-ainm go Two Door Cinema Club nuair a d'fhág an drumadóir, Patrick Thompson, i 2007. Shocraigh siad gan glacadh le tairiscintí ar áiteanna olscoille mar gheall ar an oiread spéise a bhí curtha sa mbanna. Chuir siad EP amach i 2009 dar teideal Four Words to Stand On.
Seoladh a gcéad albam Tourist History i 2010 agus eisíodh na singil "Something Good Can Work", "I Can Talk" agus "Undercover Martyn" uaidh. Ghóthaigh Tourist history albam na bliana ag an Choice Music Prize in Éirinn. D'eisigh siad a dara halbam Beacon i 2012. D'eisigh siad EP darbh ainm Changing of the Seasons i 2013. D'eisigh siad a tríú halbam Gameshow i 2016.
Ceolchoirmeacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Two Door Cinema Club tar éis seinm mar bhanna tacaíochta ag ceolchoirmeacha do na bannaí autoKratz, Delphic, Foals, Phoenix agus Metronomy. Sheinn siad freisin ag na féiltí Oxegen, Electric Picnic agus Sziget.