Jump to content

Spéirthumadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tuirlingt le paraisiút)
Infotaula d'esportSpéirthumadóireacht
Cineáleitlíocht agus spórt aeir

Is éard is spéirthumadóireacht[1] ann ná titim go saor ó aerárthach go dtí airde timpeall 600 m, agus uaidh sin titim le paraisiút chun teacht i dtír.

Uaireanta, déanann an parasiútaí cleasanna le linn na saorthitime. Uaireanta eile in imeachtaí foirne, déanann an fhoireann patrúin éagsúla ag coinneáil greim láimhe ar a chéile.

Mar spórt, titeann an t-iomaitheoir go saor faoin domhantarraingt trí 1,000 m nó mar sin roimh oscailt an pharaisiúit, de ghnáth timpeall 750 m in airde.

Irish Parachute Club, Cluain Bolg (Clonbullogue)

Bíonn an t-iomaitheoir ag iarraidh tuirlingt taobh istigh d'fhairsinge réamhshocraithe targaide. Aerloingseoir Francach, André-Jacques Garnerin (1769-1823), a rinne an chéad tuirlingt le paraisiút i bPáras i 1787 tar éis a bheith scaoilte as balún.[2]

  1. “spéirthumadóireacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-04.
  2. Hussey, Matt (2011). "Spéirthumadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.