Tuilte Rio Grande do Sul, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuilte Rio Grande do Sul, 2024
Íomhá
Cineáltuile
báisteach throm Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRio Grande do Sul, An Bhrasaíl Cuir in eagar ar Wikidata


Bhuail tuilte an Stát Rio Grande do Sul i bhfíordheisceart na Brasaíle idir 29 Aibreán - tús na Bealtaine 2024, de thoradh titim throm báistí. Bhí Porto Alegre, príomhchathair an Stáit, faoi uisce. Fuair níos mó ná 85 duine bás agus go leor ar iarraidh sa chathair agus sa cheantar máguaird.[1]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leonadh 334 duine i ndíle a thit i ndeireadh mhí Aibreáin agus sna tuilte a lean, agus b’éigean do 134,300 duine a dtithe a fhágáil. B’éigean aerfort Porto Alegre agus stáisiún busanna na cathrach a dhúnadh nuair a chuaigh abhainn an Guaíba thar a bruacha, agus bhí an chuid is mó de na bóithre faoi uisce. Bhí an t-uisce sa Guaíba 5.3 méadar os cionn an ghnáthleibhéil.

Fágadh breis agus 500,000 duine gan leictreachas agus bhí 85 faoin gcéad de mhuintir Porto Alegre gan uisce. Bhí creach á déanamh ag coirpigh ar shiopaí a scriosadh sna tuilte.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hé na tuilte in 2024 an chéad uair gur bhain díle agus drochthuilte d’fhíordheisceart na Brasaíle. Ach bhí eachtraí na bliana 2024 ar an adhaimsir is measa dár bhain don réigiún le cuimhne na ndaoine. Dar leis na meitéareolaithe, drochmheascán de ghnáthphatrúin aimsire ar ghéaraigh an t-athrú aeráide a dtionchar go mór ba chúis leis an díle.

Ábhar spéise é go bhfuil an chuma ar an scéal gurb iad na stáit is faide ó dheas sa Bhrasaíl, atá ar an gcuid is saibhre sa tír, is mó a bhíonn thíos leis an athrú aeráide.

Gan dabht, baineann triomach agus tinte do cheantar na hAmasóine i dtuaisceart na tíre gach bliain, ach ar ámharaí an tsaoil is lú i bhfad líon na ndaoine a fhaigheann bás sna cineálacha adhaimsire sin.

Ní hionann agus an t-iaruachtarán Jair Bolsonaro a bhí i gcumhacht idir 2019 agus 2023, admhaíonn rialtas an uachtaráin in 2024, Luis Inácio da Silva (Lula), go bhfuil dlúthbhaint idir an scrios a rinneadh agus atá fós á dhéanamh ar an bhforaois i gceantar na hAmasóine agus imeachtaí adhaimsire, ní hamháin sa Bhrasaíl ach ar fud an domhain.[1]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an t-uachtarán Lula cuairt ar Rio Grande do Sul tar éis na dtuilte agus dúirt go ndéanfadh a rialtas gach rud is féidir chun cathair Porto Alegre agus an ceantar máguaird a atógáil. Tar éis na hadhaimsire seo is cinnte go mbeidh brú níos láidre fós air sa Bhrasaíl féin chun géarú ar na hiarrachtaí atá ar bun aige deireadh a chur leis an scrios ar fhoraois na hAmasóine.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Alex Hijmans (8 Bealtaine 2024). "Na scórtha marbh agus na mílte gan dídean de bharr tubaiste aeráide i ndeisceart na Brasaíle" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-09.