Tuile Mhór Pháras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuile Mhór Pháras
Íomhá
Map
 48°54′N 2°18′E / 48.9°N 2.3°E / 48.9; 2.3
Cineáltuile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse21 Eanáir 1910 - 
SuíomhPáras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna0 Cuir in eagar ar Wikidata
Costas damáiste400 Mgold franc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuail tuile mhór Páras i mí Eanaír 1910. Sceith an tSéin thar a bruacha, ó 18 Eanáir 1910 ar aghaidh.[1] Bhain an tuile a mbuaicphointe amach ar 28 Eanáir. Bhí an tSéin 8.62m níos airde ná mar a bhí de ghnáth.[2]

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an geimhreadh is fliche é ó tosaíodh ar chuntas a choinneáil.

Bhí cuid den chathair, agus na bruachbhailte, ar bhruach na Séine faoi uisce ar feadh dhá mhí, ó 18 Eanáir go dtí tús mhí Aibreáin.

Thóg innealltóirí rialtais droichid adhmaid timpeall na cathrach agus d'úsáid Párasaigh báid le taisteal timpeall na Séine.[2] Aslonnaíodh daoine chuig scoileanna, eaglais agus foirgnimh rialtais agus thug na póilíní agus an t-arm cabhair do na daoine.[3]

Dúnadh cuid den Mheitreo.[4]

Idir Márta agus Aibreán, d'fhill an tSéin ar ais ag an ngnáthleibhéal. Bhí an abhainn truaillithe go dona. Bhí an tSéin ó rath ag séarachas ar feadh cúpla mí.

Damáiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní bhfuair duine ar bith bás.[5]

Bhí timpeall 22,000 foirgneamh báite.[3] Bhí costas timpeall €1.6 billiún (airgead an lae inniu) ar deisiú sa chathair.

Dealbh Tomhaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann Parásaigh dealbh saighdiúir ag droichead Alma le leibhéal an uisce a sheiceáil. I 1910 shroich an t-uisce gualainní an tsaighdiúra.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Crue de la Seine de 1910" (as fr) (2022-06-01). Wikipédia. 
  2. 2.0 2.1 "When Paris was under water for two months" (en-GB). BBC News (2016-06-03). Dáta rochtana: 2021-03-02.
  3. 3.0 3.1 "It's when, not if: but will Paris be ready for the flood of the century?" (en). the Guardian (2016-06-23). Dáta rochtana: 2021-03-03.
  4. "Plan du chemin de fer métropolitain pendant l'inondation de 1910, rapport de la Commission des inondations - Archives de Paris". archives.paris.fr. Dáta rochtana: 2022-08-29.
  5. "1910 Great Flood of Paris" (as en) (2022-05-05). Wikipedia.