Tubaiste Berkeley (2015)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Berkeley
Map
 37°52′05″N 122°16′10″W / 37.86819°N 122.26958°W / 37.86819; -122.26958
Cineálbalcony collapse (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana16 Meitheamh 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBerkeley, California Cuir in eagar ar Wikidata


2020 Kittredge Street in 2017 sa bhliain 2017

Tharla tragóid i gceantar Berkeley (in aice le San Francisco) ar 16 Meitheamh 2015) nuair a thug balcóin uaidh le linn cóisire a bhí ar bun in árasán..[1] Maraíodh seisear as Éirinn agus gortaíodh seachtar eile daoine óga de bharr na tragóide..[2]

Maraíodh cúigear mac léinn Éireannach, Lorcán Miller, 21, Niccolai Schuster, 21, Eoghan Culligan, 21, Olivia Burke, 21, Eimear Walsh, 21 agus mac léinn amháin GaelMheiriceánach, Ashley Donohoe a bhí 22 (xol ceathair le hOlivia Burke a bhí inti; b'as Baile Átha Cliath don chúigear eile a maraíodh)..[3]

Berkeley California

Cúpla lá níos déanaí, chuir na póilíní agus údarás áitiúil Berkeley deireadh lena bhfiosrúcháin go tobann, agus a rá nach mbeadh aon cás dlí á dtógaint acu faoin gcás[4] Bhíothas sásta gurbh críon-lobhadh i ngiarsaí struchtúrtha an bhalcóin ba chúis leis an dtimpiste. Ach bhí na mic léinn, 13 acu, ag cóisireacht ar an mbalcóin a bhí 2m86.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla seachtain níos déanaí, tugadh rialacháin nua isteach in iarracht stop a chur le tragóid eile.[5] Anois caithfear cigireacht éigeantach a dhéanamh ar bhalcóin, ar dheiceanna, ar staighre srl. uair amháin gach trí bliana.

Sa bhliain 2016, chuir na mná óga a raibh an t-árasán ar cíos acu inar thug an bhalcóin uaidh an dlí ar úineirí agus lucht bainistíochta an árasáin. Bhí an triúr ban - Caroline Mary Conlan, Cliodhna Clare Maloney agus Aisling Mary Tallon - ag lorg cúitimh ar an mbonn gur tharla drochchorraí intinne dóibh de bharr na tragóide.[6] Rinne na mná seo agus na gaolta ar fad socrú faoin gcás taobh amuigh den chúirt sa bhliain 2017/2018.[7]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 17 Meitheamh 2015, bhí cóipeanna den Star agus The Examiner bainte dá chuid seilfeanna ag úinéir siopa nuachtán, mar agóid faoi na pictiúir den tragóid a bhí priondáilte acu. Pictiúirí thar a bheith míchuí a bhí iontu, i bhfianaise na tragóid, is cosúil.[8]

Conspóid eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúradh in alt faoi thubaiste Berkeley ar an New York Times gur mhóir an náire d'Éirinn an víosa J1 agus an bealach a n-iompraíonn na mic léinn iad féin thar sáile, ag éirigh dallta ag an ól, agus iad faoi aois go minic. Sheol Ambasadóir na hÉireann chun na Stát Aontaithe litir chuig eagarthóir an New York Times mar fhreagra.[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2015-06-19). "Bláthanna leagtha ag láthair na tubaiste i Berkeley" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2015-07-16). "Beirt a gortaíodh i Berkeley le teacht abhaile" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2015-06-17). "Cóir leighis fós á cur ar sheachtar i gCalifornia" (as ga). 
  4. Nuacht RTÉ (2015-06-25). "Aturnae Dúiche le cúis bháis Berkeley a fhiosrú" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2015-07-15). "Rialúcháin cigireachta tógála nua ceadaithe i Berkeley" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2016-04-12). "Cúiteamh á lorg faoi thragóid Berkeley" (as ga). 
  7. Simon Carswell. "Families of Berkeley balcony collapse reach $20m partial settlement" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-06-16.
  8. "Nuacht an Iarthair: Nuachtáin bainte den tseilf" (ga). RTÉ Raidió na Gaeltachta (2015-06-17). Dáta rochtana: 2021-06-16.
  9. Ann Anderson (2015). "Letter to the editor of the New York Times from Ambassador Anne Anderson - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-06-16.