Tsung-Dao Lee
Fisiceoir Síneach-Mheiriceánach a saolaíodh i Shang-hai ba ea Tsung-Dao Lee (Sínis 李政道:; pinyin: Lǐ Zhèngdào; 24 Samhain 1926 - 4 Lúnasa 2024). Tá cáil air as a shaothar ar shárú paireachta, an teoirim Lee-Yang, fisic na gcáithníní, fisic ian trom choibhneasta, solatóin neamhthoipeolaíocha, agus réaltaí solatón. Bhí sé ina ollamh ollscoile emeritus in Ollscoil Columbia i gCathair Nua-Eabhrac, áit ar mhúin sé ó 1953 go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2012.[1] D'fhoilsigh sé a chuid saothar leis an ainm T. D. Lee. Bhain a phríomhshaothar le bréagnú dhlí na paireachta (a thairg go bhfuil frithcháithnín comhionann áit éigin sa Chruinne do gach cáithnín fo-adamhach, ach le cruth íomhá scáthánaí) sa bhfórsa núicléach lag.
Sa bhliain 1957, agus é 30 bliain d'aois, bhuaigh Lee Duais Nobel na Fisice, i gcomhpháirt le Chen-Ning Yang. Ceann de na daoine ab óige a bhfuair Duais Nobel riamh.[2]
Saol pearsanta agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Lee agus Jeannette Hui-Sun Chin sa bhliain 1950 agus bhí beirt mhac acu: James Lee (Sínis 李中清; pinyin: Lǐ Zhōngqīng)) agus Stephen Lee (Sínis 李中汉:; pinyin: Lǐ Zhōnghàn). Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1996.
Fuair Tsung-Da Lee bás i San Francisco ar an 4 Lúnasa 2024, agus é 97 bliain d'aois.[3][4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Home | Columbia News Curtha i gcartlann 2012-04-30 ar an Wayback Machine
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tsung Dao Lee". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 403.
- ↑ "物理学家李政道逝世,享年98岁".
- ↑ "Nobel Prize-winning physicist Tsung-Dao Lee dies at age 97".
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |