Tromsø

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaTromsø
Tromsø kommune (nb)
Tromsø kommune (nn)
Romssa suohkan (se) Cuir in eagar ar Wikidata
Tromsø komm.svg
Tromso Tromsø Norway tunliweb 02.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Norway Troms - Tromsø.svg
 69°38′59″N 18°57′25″E / 69.64961°N 18.95701°E / 69.64961; 18.95701
Stát ceannasachAn Iorua
County of Norway (en) AistrighTroms og Finnmark (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

Príomhchathair Tromsø Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán 77,544 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Teach cónaithe 37,191 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 2,521.27 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde 20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Jiehkkevárri (en) Aistrigh (1,834 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1252
Eachtra barrthábhachtach
boundary change (en) Aistrigh (Eanáir 1, 1861)
boundary change (en) Aistrigh (Iúil 1, 1915)
boundary change (en) Aistrigh (Iúil 1, 1955)
boundary change (en) Aistrigh (Eanáir 1, 1873)
boundary change (en) Aistrigh (Eanáir 1, 2008)
boundary change (en) Aistrigh (Eanáir 1, 1964) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Tromsø Cuir in eagar ar Wikidata Gunnar Wilhelmsen (Deireadh Fómhair 16, 2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáin tromso.kommune.no Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i dTuaisceart na hIorua é Tromsø (IPA: ˈtrʊmsø, Fionlainnis: Tromssa, Laplainnis: Romsa), agus is é príomhchathair an chúige úd Troms fylke é. Ar an 1 Eanáir 2010 bhí 67,230 duine ina gcónaí sa chathair agus sa limistéar a bhaineann léi.

Téann an t-áitreabh daonna san áit naoi míle bliain siar, ach maidir leis an gcathair atá ann inniu, d'fhorbair sí timpeall na heaglaise a tógadh ansin sa bhliain 1252. Is é an t-ainm a baisteadh ar an eaglais ná Santa Maria iuxta paganos, nó Eaglais Mhuire in aice leis na Págánaigh. Tógadh balla mór cosanta timpeall na heaglaise le hionsaithe na Laplannach is na bhFionlannach a stopadh, agus iarsmaí den bhalla fágtha le feiceáil i gcónaí.

Sa bhliain 1794 bronnadh pribhléidí cathartha ar an áit, ach san am sin féin ní raibh ann dáiríribh ach sráidbhaile beag. Sa naoú haois déag, áfach, bunaíodh monarchana agus tháinig borradh faoi shaol eacnamaíochta an cheantair. Tógadh an chéad mheánscoil sa bhliain 1848, agus sa bhliain chéanna cuireadh longcheárta ar bun i dTromsø.

I ndeireadh na naoú haoise déag, bhí an chathair iompaithe ina lárionad tábhachtach trádála, agus maidir leis na taiscéalaithe a thug cuairt ar an bPol Thuaidh, ba í an chathair seo an bhunáit as ar thug siad aghaidh ar an gceann scríbe. Ina measc sin bhí Umberto Nobile, Roald Amundsen, agus Fridtjof Nansen.