Roald Amundsen
Ba thaiscéalaí Ioruach é Roald Engelbregt Gravning Amundsen (16 Iúil 1872 – Meitheamh 1928). Bhí sé i gceannas ar an chéad turas taiscéalaíochta a shroich an Pol Theas, a d'aimsigh sé le foireann a chomhthíreach ar an 14 Nollaig den bhliain 1911.
Rugadh Amundsen do theaghlach muirí, agus cé gur chuir a mháthair drogall air roimh shaol an mhairnéalaigh a leanstain, spreagadh samhlaíocht Roald óg ag tuairiscí an taiscéalaithe John Franklin. "Léigh mé iad le fonn fiabhrasach a rialaigh cúrsa mo bheatha iomláine." Agus é sé bliana déag d'aois, thoisigh sé ag staidéar taiscéalaíochta na réigiún polach, agus ceapadh é mar phríomh-mháta den long Belgica naoi mbliana ní ba dheireanaí. Sa bhliain 1903, d'imigh sé leis ar turas taiscéalaíochta tríd an Pasáiste Siar ó Thuaidh ar bord an Gjøa. Thoisigh Amundsen an turas chuig an Phol Theas i mí an Mheithimh 1910, nuair a d'fhág sé an Iorua ar bord an Fram, a thug sé chun Antartaice i mí Eanáir den bhliain dar gcionn. Faoi mhí na Nollag, 1911, shroich sé agus a cheithre chomrádaí an Pol Theas.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |