Trinse Máirianach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTrinse Máirianach
CineálClaiseanna aigéanacha
EapainmMariana Islands (en) Aistrigh
Suíomh
Críoch oileánachNorthern Mariana Islands (en) Aistrigh
Map
 11°21′N 142°12′E / 11.35°N 142.2°E / 11.35; 142.2Comhordanáidí: 11°21′N 142°12′E / 11.35°N 142.2°E / 11.35; 142.2
FarraigeNorth Pacific Ocean (en) Aistrigh
Tréithe
Airde−10,984 m

Trinse san Aigéan Ciúin is ea an Trinse Márianach agus é ag rith ón iardheisceart don tuaisceart, ó oileán Guam go dtí na hOileáin Mháirianacha. Tá a phointe is doimhne i nDuibheagán Challenger, 11 km thíos faoin dromchla san Aigéan Ciúin,[1] an doimhneacht aigéanach is mó ar Domhan.[2]

Taiscéalaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 'Trieste'

An 'Duibheagán Challenger' (nó 'Challenger Deep'[3]) a thugtar ar an gcuid is doimhne den Trinse Máirianach. Ba i mí Eanáir 1960 a chuaigh an chéad bheirt ann, Don Walsh agus Jacques Piccard (mac le Auguste Piccard).[1] Chuadar síos ann sa Trieste, an tríú batascaife riamh, tógtha sna 1950idí.

Tá dháréag tar éis cuairt a thabhairt ar an ngealach ach níl ach triúr tar éis cuairt a thabhairt ar An Trinse Máirianach.[4] Ar an 26 Márta 2012, ba é James Cameron an tríú duine a chuaigh síos ann. Is stiúrthóir scannán agus taiscéalaí cáiliúil aigéan é.

Ina aonar a rinne Cameron an tumadh agus é san fhomhuireán Deepsea Challenger. Sheol sé ar ais an tvuít seo nuair a bhain sé tóin na farraige amach:

‘Just arrived at the ocean’s deepest pt. Hitting bottom never felt so good. Can’t wait to share what I’m seeing w/you.’[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. "Challenger Deep" (as en) (2021-07-21). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.