Triail rialaithe randamaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh oibre eolaíochta a úsáidtear, mar shampla, sa mhíochaine chun cruthú gur éifeachtach nó nach ea druga nó idirghabháil nua éigin. Deartar í chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar teiripí a mheasúnú go cruinn roimh iad a úsáid go forleathan. Roghnaítear daoine as grúpa ar leith go randamach in dhá fhoghrúpa, agus dáiltear placebo (druga bréagach gan éifeacht) ar fho-ghrúpa amháin is an druga ceart atá le tástáil ar an bhfo-ghrúpa eile. Tomhaistear an chomhréir daoine sa dá fho-ghrúpa a bhaineann tairbhe as an druga, agus déantar comparáid idir an dá chomhréir chun déanamh amach an bhfuil an tairbhe níos mó go staitistiúil i gcás an fhíordhruga ná i gcás an druga bhréagaigh. Chun an iarmhairt placebo (nuair a luann daoine tairbhe is cuma an fíordhruga nó bréagdhruga a thógann siad) a sheachaint an oiread agus is féidir, ní chuirtear in iúl d'éinne cén sórt druga a thugtar dóibh. Is triail dhall dhúbailte í sin.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Triail rialaithe randamaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 676.