Placebo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar nó modh oibre neamhghníomhach a úsáidtear mar chóir leighis ar dhream amháin othar chun comparáid a dhéanamh le hábhar nó modh oibre gníomhach atá á thástáil is á úsáid ar dhream eile othar. Is casta an scéal é tástáil ar éifeacht córacha leighis, de bhrí gurb ionann éifeacht an placebo i dtimpeall 33% de chásanna. An iarmhairt placebo a thugtar air seo: is amhlaidh a bhíonn an t-othar cinnte dearfa gur éifeachtach an chóir leighis. Mar sin féin, más éifeachtach cóir leighis ghníomhach, beidh sí níos fearr thar am ná an placebo.