Treo-aimsitheoir
Cuma
Feiste a chinneann an treo a bhfuil comhartha raidió ag teacht isteach chuici, ar féidir a úsáid chun loingseoireachta (mar shampla, an compás raidió ar long is eitleán). Rothlaíonn aeróg lúibe go nglactar an comhartha is treise, agus tugann sé sin treo tarchurtha an chomhartha sin. Déantar an rud céanna ó ionad eile, agus ón dá líne a fhaigheann an loingseoir is féidir leis suíomh an stáisiún tarchuir a chinneadh. Is féidir ionad an ghlacóra a aimsiú ó chomharthaí a ghlacadh ó dhá stáisiún fhosaithe tarchuir agus an dá threo sin a chinneadh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Treo-aimsitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 676.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |