Tríréad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa de thriúr amhránaithe nó ionstraimithe, nó dréacht ceoil i gcomhair grúpa mar sin. I dtríréad téide, bíonn veidhlín, vióla, agus dordveidhil de ghnáth. I dtríréad pianó, bíonn pianó in ionad an vióla. I measc na gcumadóirí cáiliúla, scríobh Haydn, Mozart is Beethoven dréachta ceoil mar seo.