Torann teirmeach
Cuma
Torann leictreonach i gciorcaid leictreonacha, comhartha cúlrach de bharr iarmhairtí teirmeacha a cheileann an fíorchomhartha i méid áirithe. Éiríonn sé de bharr gluaiseacht randamach teirmeach na leictreon seolta i gcomhbhaill friotaíochta, agus laghdaítear é nuair a laghdaítear an teocht is/nó an fhriotaíocht. Foinse amháin leis an tsiosarnach i gclosaimplitheoirí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Torann teirmeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |