Tom Phaddy Mac Diarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTom Phaddy Mac Diarmada
Beathaisnéis
Breith2 Márta 1909
An Lochán Beag, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Aibreán 2001
92 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscéalaí, airíoch Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Discogs: 9635152 Cuir in eagar ar Wikidata

Scéalaí agus reacaire cáiliúil as an Lochán Beag in Indreabhán ab ea Tom Phaddy Mac Diarmada (nó Tom Pheaidí Mac Diarmada).[1]

Bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath i 1939 nuair a rinne athbheochan ar an Oireachtas, agus bhí sé i láthair ag beagnach gach ceann, agus thug sé 19 duais scéalaíochta leis thar na blianta.[2]

Bhí sé ina fheighlí ar Réadlann Dhún Sinche i mBaile Átha Cliath ó 1950 go 1974. Phós sé Nan Seoighe as Seanachoimheas, An Maimín, Leitir Móir i 1948, agus thóg siad ceathrar clainne le Gaeilge i nDún Sinche.[1]. D'fhill siad ar an Lochán Beag i 1974 tar éis dó éirí as.[2] Fuair sé bás in 2001 agus cuireadh é i Reilig an Chnoic i gConamara.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. 2.0 2.1 "Tom Phaddy Mac Diarmada (1909–2001)". Dáta rochtana: 2024-01-22.