Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Tom Bheartla Tom Ó Flaithbheartaigh |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 15 Lúnasa 1926 An Lochán Beag, Éire |
Bás | 12 Samhain 2013 87 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Sailearna |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scéalaí, feirmeoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scéalaí cáiliúil as an Lochán Beag in Indreabhán ab ea Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta.[1] Deirtear go raibh cuimhne iontach aige; chloiseadh sé scéal anocht agus bhíodh sé in ann an scéal ina iomlán a aithris amárach.[1] Ba scéalaí mór a athair roimhe. Tógadh go leor scéalta óna athair gan luach saothair a thabhairt dó, agus dá bharr sin bhí drogall ar Thom a chuid scéalta féin a thaifeadadh. Chuir cairde ina luí air a intinn a athrú, agus d'inis sé scéalta ar Raidió na Gaeltachta agus do mhic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhuaigh sé duaiseanna scéalaíochta ag Oireachtas na Gaeilge.[2] Tá scéalta dá chuid ar fáil ar chaiséad dar teideal Ag Scéalaíocht a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.[3]
Phós sé Eibhlín Ní Neachtain as Cnoc na hAille in 1958 agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu.[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Taisce Chois Fharraige — Scéalaithe". Dáta rochtana: 2024-01-22.
- ↑ "FOCAL IS FUAIM: Éistigí le Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta ag scéalaíocht" (2020-04-02). Dáta rochtana: 2024-01-22.
- ↑ "Ó FLAITHBHEARTAIGH, Tom Bheartla Tom (1926–2013)". Ainm.ie — An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-02-01.