Tomás Mac Con Iomaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomás Mac Con Iomaire
Beathaisnéis
Breith20 haois
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteRónán Mac Con Iomaire Cuir in eagar ar Wikidata

Léiritheoir raidió agus iriseoir Gaeilge is ea Tomás Mac Con Iomaire.[1][2]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

As Casla, Contae na Gaillimhe ó dhúchas, d’oibrigh Mac Con Iomaire le Raidió na Gaeltachta le breis agus 30 bliain. I rith an ama sin, bhí sé ar dhuine de na ceannródaithe nuachta áitiúla in iarthar na hÉireann. Tar éis cúpla iarracht ar bhriseadh isteach sna nuachtáin Ghaeilge, roghnaigh Raidió na Gaeltachta é agus beirt eile chun seirbhís nuachta áitiúil a bhunú i gConamara sa bhliain 1974.

Sa bhliain 2000, ceapadh Mac Con Iomaire mar Stiúrthóir Raidió na Gaeltachta, an chéad duine as Contae na Gaillimhe sa bpost sin. Sé bliana ina dhiaidh sin, d’fhág sé an post chun filleadh ar an gcraoltóireacht.

Ó shin i leith, tá roinnt sraitheanna raidió léirithe aige, ina measc, ceann ar stair na hÉireann, chomh maith le sraith faisnéise ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Pobal ar Aire: Gluaiseacht Cheárta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2009 .

Tá sé ina chónaí ar an gCeathrú Rua lena bhean chéile. Tá iníon amháin aige, Síle, atá ag obair san oideachas, agus beirt mhac, Rónán agus Donncha Mac Con Iomaire. Oibríonn an bheirt mhac i dtionscal na meán.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é a mhac Rónán Mac Con Iomaire, iar-iriseoir agus Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. radioproducers.ie (2016). "Tomás Mac Con Iomaire". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2023.
  2. galwayindependent.com (21 DF 2009). "Tomas Mac Con Iomaire - Radio Produc". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-16. Dáta rochtana: 2023.