Tiomántán (pléascaire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is pléascaire é an tiomántán a tháirgeann brú foréigneach cothrom, mar a bheadh de dhíth, mar shampla, chun arm diúraicthe a dhíbirt go tapa ó ghunna. Púdar gunna ab ea an chéad cheann. Nuair a tháinig nítriglicrín is nítriceallalós chun cinn, le hairíonna cumasacha pléascacha, rinneadh gach iarracht a n-inphléascthacht a mhodhnú chun tiomántán a tháirgeadh uathu. Faoi dheireadh thángthas ar mheascáin éagsúla ghlóthacha, cosúil le cordaít, a bhí rathúil chuige seo.[1]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tiomántán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 663.