Tinder (aip)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTinder

Ainmnithe in ómóssponc Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálseirbhís geandála ar líne
aip geandála
cliant teachtaireachtaí meandracha
seirbhís líonrú sóisialta
aip shoghluaiste Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh12 Meán Fómhair 2012
Bunaitheoir(í)Sean Rad, Jonathan Badeen, Justin Mateen, Joe Munoz, Dinesh Moorjani, Chris Gylczynski agus Whitney Wolfe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Úsáideann sé/sígeopositioning (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraMobile dating (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirMatch Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintinder.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: Tinder Instagram: tinder TikTok: tinder Cuir in eagar ar Wikidata

Is ardán cleamhnais, nó seirbhís geandála (nó seirbhís déanta coinní) ar líne é Tinder, ar fáil ar Android agus iOS. Tháinig an aip ar an bhfód ar an 12 Meán Fómhair 2012.

Bíonn daoine ag svaidhpeáil leo, ar chlé agus ar dheis, an t-eiteach á thabhairt acu do dhaoine nó ag tabhairt ugaigh dóibh de réir mar a thaitníonn nó nach dtaitníonn a gcuid grianghraf leo.

Bíonn seirbhís sa bhreis ann, Tinder Plus, a ligeann daoine líon níos mó ‘Super Likes’ a úsáid, svaidhpeáil a chur ar ceal agus ceangal le daoine áit ar bith ar domhan.

Éileamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann duine as gach ceathrar a bhfuil guthán cliste acu úsáid as a leithéid, nó duine as gach triúr i gcás na glúine ar a dtugtar na mílaoisigh.[1]

Sa bhliain 2017, bhí Tinder ar an aip is brabúsaí i siopa Apple tar éis gur cuireadh gné bhreise leis a ligeann d’úsáideoirí breathnú ar dhaoine atá cheana féin i ndiaidh suim a léiriú iontu.[2]

Creidtear go bhfuil ar a laghad cúpla céad míle duine in Éirinn a úsáideann Tinder ar bhonn rialta, sa bhliain 2017.[3] Dar leis an aip féin go ndéantar svaidhpeáil ar 1.6 billiún próifíl in aghaidh an lae ar fud na cruinne.[2]’.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Tinder i mbéal agus ar fhóin an phobail ó bhí 2012 ann, agus tá mothúcháin láidre ag daoine fé. Ar lámh amháin táid siúd a bhuail lena ngrá geal air agus mar sin níl aon rud níos fearr ná é. Ar an lámh eile tá na daoine ná cuimhneodh riamh air.[4]

Táthar ann a deir nárbh fhéidir lena leithéid de chaidreamh fás ó shíol a chuirtear chomh éadomhain agus a chuirtear le Tinder: níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach ar an áis.[5]

Slándáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Tinder ar smaoineamh na seanáise Grindr. Ach bíonn Tinder agus do chuntas Facebook ceangailte go hiondúil. Mar sin nuair a fhéachann tú ar phróifíl duine éigin eile ar Tinder, taispeánann sé duit má tá comhchairde eadraibh ar Facebook. Sa chaoi seo, is féidir leat ‘taighde’ a dhéanamh ar an duine sula mbuaileann tú leis nó léi chun dearbhú nach slíomadóir é nó í.[5]

Aipeanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2017, tháinig ‘Loinnir’ ar an bhfód, le fáil ar Google Play Store, a chabhraíonn le cainteoirí Gaeilge i bhfad is i gcóngar nasc a dhéanamh lena chéile. Forbraíodh ‘Loinnir’ i ndiaidh an Hackathon Gaeilge a reáchtáladh in COBÁC.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cac an ghandail bháin[7]
  • 'Le Ceangal' de chuid TG4[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alex Hijmans (28 Feabhra 2018). "Tabhair aire ar Tinder – drochthruip i dtír na geandála ar líne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  2. 2.0 2.1 NÓS (2017). "Tinder, an aip is mó i siopa Apple A bhuí le gnéithe nua 'órga'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  3. Dáire Ní Chanáin (5ú Lúnasa 2019). "Íoslódálfaidh mé Tinder arís… & seans go dtiocfaidh mo ghrá!" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  4. Hannah Ní Chonghaile (2024-03-19). "Cén chaoi a ndéanaim Tinder 'i gceart'?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-03-29.
  5. 5.0 5.1 Eoin Mac Aodha Bhuí (Nollaig 2013). "Splanc Tindrí" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  6. Maitiú Ó Coimín (23 Deireadh Fómhair 2017). "‘Tinder’ na teanga – aip nua ag súil le Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  7. Seosamh Ó Cuaig (17 Deireadh Fómhair 2018). "Ná bac le Tinder, tabhair leat cac an ghandail bháin go dtí Oireachtas na Samhna…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.
  8. Breandán M Mac Gearailt (30 Meitheamh 2020). "‘Zoomcom’ nua ag TG4 dúinn agus gan de locht air ach a laghad" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.