Tinder (aip)
Ainmnithe in ómós | sponc | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | seirbhís geandála ar líne cliant teachtaireachtaí meandracha seirbhís líonrú sóisialta aip geandála aip shoghluaiste | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 12 Meán Fómhair 2012 | ||||
Bunaitheoir(í) | Sean Rad, Jonathan Badeen, Justin Mateen, Joe Munoz, Dinesh Moorjani, Chris Gylczynski agus Whitney Wolfe | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Úsáideann sé/sí | geopositioning (en) | ||||
Seánra | Mobile dating (en) | ||||
Oibreoir | Match Group (en) | ||||
Suíomh gréasáin | https://tinder.com https://tinder.com/?lang=en-GB https://tinder.com/?lang=en | ||||
Is ardán cleamhnais, nó seirbhís geandála (nó seirbhís déanta coinní) ar líne é Tinder, ar fáil ar Android agus iOS. Tháinig an aip ar an bhfód ar an 12 Meán Fómhair 2012.
Bíonn daoine ag svaidhpeáil leo, ar chlé agus ar dheis, an t-eiteach á thabhairt acu do dhaoine nó ag tabhairt ugaigh dóibh de réir mar a thaitníonn nó nach dtaitníonn a gcuid grianghraf leo.
Bíonn seirbhís sa bhreis ann, Tinder Plus, a ligeann daoine líon níos mó ‘Super Likes’ a úsáid, svaidhpeáil a chur ar ceal agus ceangal le daoine áit ar bith ar domhan.
Éileamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineann duine as gach ceathrar a bhfuil guthán cliste acu úsáid as a leithéid, nó duine as gach triúr i gcás na glúine ar a dtugtar na mílaoisigh.[1]
Sa bhliain 2017, bhí Tinder ar an aip is brabúsaí i siopa Apple tar éis gur cuireadh gné bhreise leis a ligeann d’úsáideoirí breathnú ar dhaoine atá cheana féin i ndiaidh suim a léiriú iontu.[2]
Creidtear go bhfuil ar a laghad cúpla céad míle duine in Éirinn a úsáideann Tinder ar bhonn rialta, sa bhliain 2017.[3] Dar leis an aip féin go ndéantar svaidhpeáil ar 1.6 billiún próifíl in aghaidh an lae ar fud na cruinne.[2]’.
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Tinder i mbéal agus ar fhóin an phobail ó bhí 2012 ann, agus tá mothúcháin láidre ag daoine fé. Ar lámh amháin táid siúd a bhuail lena ngrá geal air agus mar sin níl aon rud níos fearr ná é. Ar an lámh eile tá na daoine ná cuimhneodh riamh air.[4]
Táthar ann a deir nárbh fhéidir lena leithéid de chaidreamh fás ó shíol a chuirtear chomh éadomhain agus a chuirtear le Tinder: níl ach cuma fhisiciúil an duine tábhachtach ar an áis.[5]
Slándáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Tinder ar smaoineamh na seanáise Grindr. Ach bíonn Tinder agus do chuntas Facebook ceangailte go hiondúil. Mar sin nuair a fhéachann tú ar phróifíl duine éigin eile ar Tinder, taispeánann sé duit má tá comhchairde eadraibh ar Facebook. Sa chaoi seo, is féidir leat ‘taighde’ a dhéanamh ar an duine sula mbuaileann tú leis nó léi chun dearbhú nach slíomadóir é nó í.[5]
Aipeanna eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2017, tháinig ‘Loinnir’ ar an bhfód, le fáil ar Google Play Store, a chabhraíonn le cainteoirí Gaeilge i bhfad is i gcóngar nasc a dhéanamh lena chéile. Forbraíodh ‘Loinnir’ i ndiaidh an Hackathon Gaeilge a reáchtáladh in COBÁC.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Alex Hijmans (28 Feabhra 2018). "Tabhair aire ar Tinder – drochthruip i dtír na geandála ar líne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.
- ↑ 2.0 2.1 NÓS (2017). "Tinder, an aip is mó i siopa Apple A bhuí le gnéithe nua 'órga'" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-12.
- ↑ Dáire Ní Chanáin (5ú Lúnasa 2019). "Íoslódálfaidh mé Tinder arís… & seans go dtiocfaidh mo ghrá!" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-12.
- ↑ Hannah Ní Chonghaile (2024-03-19). "Cén chaoi a ndéanaim Tinder 'i gceart'?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-03-29.
- ↑ 5.0 5.1 Eoin Mac Aodha Bhuí (Nollaig 2013). "Splanc Tindrí" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-12.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (23 Deireadh Fómhair 2017). "‘Tinder’ na teanga – aip nua ag súil le Gaeilgeoirí a chur chun cainte lena chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (17 Deireadh Fómhair 2018). "Ná bac le Tinder, tabhair leat cac an ghandail bháin go dtí Oireachtas na Samhna…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (30 Meitheamh 2020). "‘Zoomcom’ nua ag TG4 dúinn agus gan de locht air ach a laghad" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-12.