Tina McKenzie (feidhmeannach gnó)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTina McKenzie

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1973
50/51 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéal Feirste
Gníomhaíocht
Gairmfeidhmeannach gnó, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Feidhmeannach gnó agus iarpholaiteoir as Béal Feirste i dTuaisceart Éireann í Tina McKenzie.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis di céim a bhaint amach in Ollscoil Uladh, thosaigh McKenzie a gairm bheatha ag comhordú clár jabscileanna d’athshlánú iar-chiontóirí, ag obair le NIACRO, Extern, agus le Bord Promhaidh Thuaisceart Éireann (PPTÉ). Tar éis bogadh go Londain chuaigh sí chun cinn sa domhan corparáideach ar fud na Ríochta Aontaithe agus go hidirnáisiúnta, agus í ina Stiúrthóir Díolacháin agus Bainistíochta rathúil le taithí i lóistíocht, seirbhísí airgeadais, sláinte agus cúram sóisialta,[1] agraibhia agus baincéireacht.

Rinne McKenzie tuilleadh staidéir ag Scoil Ghnó Ollscoil Tilburg agus Scoil Ghnó IESE in Ollscoil Navarra. Rinne McKenzie tuilleadh staidéir freisin ag Institiúid Ceannaireachta William J. Clinton in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ag críochnú an chláir ‘Leading Effective Boards’ sa bhliain 2015.

Saol polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhill McKenzie ar ais go Tuaisceart Éireann sa bhliainn 2013 chun Staffline Group (Ireland) a bhunú.[2] Go gairid tar éis di filleadh chuaigh sí isteach sa pháirtí polaitíochta nuabhunaithe NI21 agus ceapadh ina chéad chathaoirleach í. Chuir McKenzie síos uirthi féin mar dhuine a chreideann i gcothú aontas na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, go príomha ar chúiseanna eacnamaíocha.

Roghnaigh NI21 McKenzie mar a n-iarrthóir don thoghchán Eorpach 2014, agus gheall sí tacaíocht a thabhairt don réigiún san Eoraip agus poist agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn. Sheas sí freisin do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Fuair sí níos mó ná 10,500 vóta céad rogha i dtoghchán na hEorpa, ach níor shroich sí an tairseach don toghchán.[3]

Oíche an toghcháin, d'fhág McKenzie agus roinnt figiúirí eile as an pháirtí, tar éis líomhaintí faoi mhí-iompar a rinneadh i gcoinne cheannaire an pháirtí Basil McCrea. Go gairid ina dhiaidh sin, d’fhógair McKenzie go raibh sí ag éirí as an bpolaitíocht toisc go raibh sí míshona.

Saol gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’oibrigh McKenzie le breis agus 20 bliain sna hearnálacha acmhainní daonna, earcaíochta agus tacaíochta fostaíochta.

Ina ról reatha tá McKenzie ina stiúrthóir bainistíochta ar Staffline Group (Ireland), gnó earcaíochta agus tacaíochta fostaíochta, comhdhéanta de Grafton Recruitment,[4] Staffline Recruitment, PeoplePlus NI agus Diamond Recruitment.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tina At Home: Talking Politics At The Breakfast Table Of NI21 Candidate For Europe, Tina McKenzie. [1]
  2. Diamond Recruitment snapped up by UK employment agency.[2]
  3. Dr Nicholas Whyte. "The 2014 European Election"[3]
  4. Grafton Recruitment is bought out by Northern Ireland outsourcing company.[4]
  5. Diamond: One of NI's biggest employment agencies sold to Staffline. [5]