Timthriall na beatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An tsraith iomlán staideanna a dtéann orgánach tríothu, ó chruthú orgánaigh aonair trí thoirchiú gaiméití atá táirgthe ag an ngéin roimhe sin, trí aibiú is táirgeadh gaiméití ag an orgánach sin, agus faoi dheireadh a bhás. I veirteabraigh, bíonn timthriall beatha simplí de ghnáth ó thoirchiú go bás, ach in ainmhithe níos ísle agus plandaí, bíonn an timthriall beatha casta go leor go minic, le hailtéarnú idir atáirgeadh gnéasach is neamhghnéasach, agus géinte leanúnacha a fhéadfaidh a bheith cosúil nó éagsúil le chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Timthriall na beatha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 662.