Tiffani Love

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTiffani Love
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Nua-Eabhrac, Plattsburgh
Coláiste Ealaíne Bhoirne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáintiffaniloveart.com Cuir in eagar ar Wikidata

Ealaíontóir í Tiffani Love.

Taispeántas de shaothair nua leis an ealaíontóir Tiffani Love is ea Ciúnú nó ‘Hushing’. A cuid siúlóidí a spreag saothair an taispeántais agus leagann pictiúir ola agus saothar lionsa-bhunaithe Love béim shéimh ar na spásanna tairseachúla taobh istigh de thírdhreach na hÉireann. Agus í ag siúl cois cósta go háitiúil feadh chladaí mealltacha an Atlantaigh i gContae an Chláir agus i gContae na Gaillimhe, agus feadh na dtailte atá buailte leis an gcósta ina bhfuil aibhneacha, sruthanna, turlaigh agus lochanna, cíorann a cuid saothair na spásanna sin ina meascann an t-uisce, an talamh agus an t-atmaisféar le chéile. Scrúdaíonn an taispeántas an dóigh a dtéann na háiteanna seo i bhfeidhm ar chéadfaí an duine agus é nó í ag dul tríothu. Is é atá ag croílár ‘Hushing’ ná sraith de phictiúir bheaga ola dar teideal ‘Field Notes’ a shoiléiríonn tionscadal leanúnach Love; is staidéir bheo iad ar áiteanna agus ar bhomaití ar leith, ach iad pearsanta ag an am céanna. Leantar sna saothair seo den scrúdú a dhéanann sí ar an dóigh ar féidir le péinteáil tírdhreacha feidhmiú mar bhealach le háit a chaomhnú, agus ar an dóigh a n-airíonn muid ár dtimpeallachtaí agus mar a théann siad i gcion orainn.

Sa bhliain 2023 taispeánadh saothar leis an ealaíontóir ar na Ballaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.