Tiarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bunbhrí: Is iall é an tiarach a ritear ón gcoirb siar faoi eireaball capaill nó asail lena chinntiú nach sciorfaidh na cléibh amach i mullach an ainmhí.

Tiarach mar chulaith shnámha do bhean, taobh thiar.

Is é atá i dtiaraigh ná cineál fo-éadaigh nó cineál culaithe snámha. Is é an rud is suntasaí ann go bhfuil stiall chaol éadaigh sa lár mar chúl ar an gculaith, atá déanta chun bheith ina luí idir mása an duine atá dá caitheamh. Agus thíos tá an stiall ceangailte leis an dtaobh thoir agus thuas thiar leis an gcrios. [1]. Tá tréan chineáil tiarach ann, a bhraitheann ar thiús, ar ábhar nó ar chuma an taoibh thiar dó. Faightear iad ar fud an domhain, dosna fearaibh agus dosna mnáibh. Tá na tiaracha cosúil le g-stringeanna, ach is é an difear is mó eatarthu go mbíonn i bhfad níos mó ábhair idir na cosa agus idir na mása, nuair a bhíonn níos lú ábhair i gceist i g-string, go hiondúil sreang chaol. [2]

Is é an sainmhíniú a thugann an díoltóir FreshPair "Cineál fo-éadaigh dosna fearaibh agus dosna mnáibh, le píosa caol ábhair thiar ina luí idir na mása"[3] nuair is é an rud g-string ná "brístín le banda ana-chaol (cosúil le sreang) d’éadach ar an dtaobh thiar dó". [4]

Stair[athraigh | edit source]

Creidtear gurb é an rud atá i mbunús na dtiarach ná an fhoirm éadaigh is sine, an bhréid gabhail, ar phíosa éadaigh déanta dosna fearaibh go hiondúil é, go díreach malairt an ruda a chítear sa tsaol inniu san Iarthar, áit ar mná is mó a chaitheann tiaracha. [5]

Mar éadach don lá inniubh, ar dtúis, is sa Bhrasaíl a d’éirigh na tiaracha faiseanta mar chulaith shnámha. [6]. Ar dtúis is é an rud "tiarach" ná rud déanta do leathar a chuirtear ar thóin capaill. Agus mar gheall air sin do bhain cuid do lucht na Gaeltachta úsáid as an bhfocal san mar thagairt don chineál éadaigh dosna daoine.

B’í an chéad chulaith éadaigh a dhíorthaigh ón mbréid gabhail ná an jockstrap, a chruthaigh Sharp & Smith, comhlacht stuif spóirt i Chicago sa bhliain 1874.[7]. Deineadh an chéad tagairt do thiaraigh thar éis na blianta 1900, sa bhliain 1939 i Nua-Eabhrac, nuair a d’ordaigh an Maor Fiorello LaGuardia ar rinceoirí loma culaith níos oiriúnaí do chur orthu. Deirtear gurb é an dearthóir éadaigh Rudi Gernreich a chum taobh thiar na dtiarach nua-aimseartha sa bhliain 1974, agus bhí ana-éileamh orthu i Meiriceá Theas, go háirithe sa Bhrasaíl. [8]. Sna 1990dí, d’éirigh an tiarach ana-fhaiseanta sna Stáit Aontaithe, le níos mó ná $2 bhilliún do thiaracha díolta sa bhliain 2006. [9] Ar na mallaibh, d’éirigh na tiaracha dosna fearaibh ana-fhaiseanta leis, mar gur maith a choinníd a n-orgán, go háirithe chun reatha, cleasaíochta, spóirt, agus mar fho-éadach laethúil. [10]

Dearadh[athraigh | edit source]

Is iomdha cineál tiarach, ina measc an tiarach choitianta, an G-string, agus an V-string.

  • Tiarach thraidisiúnta. Sin an cineál is coitianta: ar chúl tá stiall éadaigh measartha leathan, a cheanglaíonn an taobh thoir leis an gcrios.
  • G-string. Sa chineál san tá sreang éadaigh ar chúl. Deir daoine gurb ionann "tiarach" agus "G-string", ach le fírinne ní hionann iad.[11] Is cineál tiaraí an g-string, ach ní g-string tiarach i gcónaí.
  • V-string. Cosúil leis an G-string. Ansan tá sreang éadaigh idir na mása ach go díreach roimis an gceangal leis an gcrios tá dhá shreang ar chuma V, nó triantán beag éadaigh, os ciúnn na más.
  • Crios rince. Sin cineál tiaraí déanta go speisialta do rinceoirí fir, go háirithe do bhailé. Is é a aidhm orgáin an rinceora a chosaint agus a choinneáil ar feadh cleasaíochta nó rince, gan bheith sofheicithe trís an gcuid éadaigh, mar riteoga nó léatard.
  • Tá tiaracha le fáil mar chulaith shnámha d’fhearaibh agus do mhnáibh.

Tá stíleanna eile chomh maith, mar shampla: [12] [2]:

  • Tiarach do lása soshínte do mhnáibh
  • Tiarach do mhogall
  • Tiarach do mhicreashnáithín soshínte do mhnáibh
  • Tiarach do chadás soshínte
  • Tiaracha do chadás
  • Tiaracha ar chuma T
  • Tiaracha na coime ísle

Buntáistí[athraigh | edit source]

Dosna fearaibh[athraigh | edit source]

Go hiondúil is deacra tiaracha d’fháil dosna fearaibh, ná dosna mnáibh, (mar ins an tsuirbhé seo). Is iomdha cúiseanna ag fearaibh nó ag garsúin chun tiaracha do chaitheamh, mar fho-éadaí nó mar chulaith shnámha. [13] [14] Ina measc tá :

  • Compord
  • Ní fheictear línte an fho-éadaigh
  • Is maith a choinníd na horgáin [15]
  • Ní fheictear iad os ciúnn bríste
  • Ní théid suas, mar sin ní gá an fo-éadach do tharrac síos os comhair an phobail
  • Ní thógaid mórán spáis i dtarraiceán nó i mála taistil [16]
  • Nuair a bhuítear fén ngréin, le tiaraigh ní fheicfear mórán línte dhath gréine
  • Mothaítear níos gnéasúla

Dosna mnáibh[athraigh | edit source]

Is iomdha cúiseanna ag mnáibh nó ag cailíní chun tiaracha do chaitheamh mar fho-éadaí nó mar chulaith shnámha. [17] [14] [18]

Ina measc tá :

  • Compord, fanann sí san áit a bhfuil sí, ní mhothaítear fáiscithe [19] [20]
  • Ní fheictear línte brístín, ní fhágaid línte ar an gcraiceann ach oiread [21] [22] [23] [24]
  • Ní fheictear iad os ciúnn bríste (go hiondúil)[25]
  • Ní théid suas, mar sin ní gá an fo-éadach do tharrac síos os comhair an phobail [26] [27] [24]
  • * Ní thógaid mórán spáis i dtarraiceán nó i mála taistil, agus táid éadrom[16] [24]
  • Mothaíonn tú mar dhuine fásta ’s tú dá gcaitheamh [24]
  • Táid san fhaisean, tá mórán stíleanna agus dathanna ar fáil[28] [24]
  • Nuair a bhuítear fén ngréin, le tiaraigh ní fheicfear mórán línte dhath gréine
  • Mothaítear níos gnéasúla, níos banúla, agus cuirid cuma níos deise ar an dtóin [29] [24]


Gnéithe sóisialta[athraigh | edit source]

Manaí[athraigh | edit source]

Tá na manaí ar na tiaracha ag athrú sa chuid is mó do thíortha an Iarthair agus de réir a chéile is mó a ghlactar leo. Táid ag éirí níos coitianta mar fho-éadach agus mar chulaith shnámha, agus is minice a chítear tiaracha ar na tránna. Is minic a chítear daoine a chaitheann tiarach i dtíortha dheisceart na hEorpa agus ar thránna teochreasacha Mheiriceá Theas agus Fhlorida. I gcupla contae nó baile dosna Stáit Aontaithe deineadh dlí um thiaracha, mar i Huntington Beach, California: cuireadh cosc ar bheith lom go poiblí ach glactar le tiaracha. [30][31] Dúirt Don Hansen, as an gComhairle sin "glacaimíd le tiaracha in Huntington Beach." [32]

Fir[athraigh | edit source]

I SÁM agus san Eoraip, ar dtúis, ní bhíodh do thiaracha fir ach an crios rince, tiarach do chuspa fir agus do strippers fir. Anois táid ag éirí coitianta mar fho-éadaí d’fhearaibh. [33] Na fir nár mhaith leo go bhfeicfí línte a bhfo-bhrístí trína gcuid éadaigh eile caithid tiaracha. Ar na mallaibh deineadh suirbhéanna i measc Meiriceánaigh agus fuarathas go bhfuil 4% díobh ar tiaracha na fo-éadaí is fearr leo. [14] De réir vótaíochtaí neamhfhoirmiúla (agus mar san, nach féidir bheith cinnte fúthu), b’fhearr le mná áirithe fir a chaitheann tiaracha. [34] [35], ach de réir ceann eile, ní bheadh sé fíor.

Ar chúiseanna soiléire anatamaíochta, ní dhéantar tiarach fhir mar a dhéantar tiarach mhná. Ceapann roinnt daoine fós gur éadaí do bhuachaillí bána na tiaracha, ach de réir a chéile athraíonn na manaí sin, mar go bhfuil uimhir na n-óigfhear a chaitheann tiaracha ag dul i méad. [14], Tá sé ag éirí níos fusa tiaracha fir d’fháil anois, agus díolann an chuid is mó dosna díoltóirí a leithéidí.

Is minice a chítear fir a chaitheann tiaracha go poiblí anois, mar shampla fir ar mian leo dath na gréine do theacht ar a gcorp go hiomlán ar an dtráigh. Cítear fir le tiaracha ar thránna SÁM agus na hEorpa. Tá i bhfad níos mó mná le tiaracha ar na tránna fós anois, ach nuair a dheintear tagairt do chúrsaí tiarach sa lá inniubh, go hiondúil is idir fhir agus mhná a bhíonn i gceist. [36]

Mná[athraigh | edit source]

De réir suirbhéanna deireanacha, tá 28% do mhnáibh Mheiriceá ann ar fearr leo tiaracha ná aon fho-éadach eile. Sa bhliain 2002, b’iad na tiaracha an cineál fo-éadaigh mhná is mó a díoladh. [2][14] Tá díospóireacht ar siúl fós maidir leis an aois inar cheart dosna cailíní tosnú ag caitheamh tiarach. [37] [38] [39][40] [41] [42] Tá tiaracha ar fáil do chailíní ón dtríú grád amach. Tá díospóireacht leis maidir leis an nós a ligeann cailíní scoile barr a dtiaracha le feiscint os ciúnn crios a mbrístí d’aon turas. Tugtar "eireaball míl mhóir" ar an nós san. [43] [44]

Is iomdha barúil maidir leis na fadhbanna sláinte a fhéadann tarlúint agus tú ag caitheamh tiaraí, go hiondúil i mbaint le fabhtuithe baictéaracha agus leis an bhfuil mhíosta. [45]

Naisc taobh amuigh[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]

Pictiúir[athraigh | edit source]

Is iomdha stíl agus cineál tiarach ann agus is iomdha nós ar féidir a gcaitheamh. Anso thíos tá cuid dosna cineáil éagsúla san d’fhearaibh agus do mhnáibh araon.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Merriam-Webster online dictionary
  2. 2.0 2.1 2.2 Leathanach tiaracha na bhfear in FreshPair
  3. FreshPair glossary of lingerie (T)
  4. Foclóirín na bhfo-éadaí ag FreshPair (G)
  5. Leathanach tiaracha na bhfear ag FreshPair
  6. Nuacht ag FreshPair fé Lá Náisiúnta na bhFo-Éadaí
  7. Roinnt na bhfear, ag FreshPair
  8. [1]
  9. Article Alley
  10. Leathanach na dtiarach ag International Jock
  11. Díospóireacht fésna tiaracha agus na g-stringeanna ag Yahoo! Answers
  12. Leathanach tiaracha na mban ag FreshPair
  13. JS Online
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 Nuacht ag FreshPair
  15. Leathanach na dtiarach ag International Jock
  16. 16.0 16.1 Leathanach tiaracha na mban ag FreshPair
  17. JS Online
  18. Yahoo! Answers (dara cuid) "MNÁ IS CAILÍNÍ: Cad ina thaobh a gcaithfí Tiaracha?"
  19. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  20. Yahoo! Answers (dara cuid) "MNÁ IS CAILÍNÍ: Cad ina thaobh a gcaithfí Tiaracha?"
  21. Eolaí faisin ag FreshPair
  22. Time Magazine
  23. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 24.4 24.5 Yahoo! Answers (dara cuid) "MNÁ IS CAILÍNÍ: Cad ina thaobh a gcaithfí Tiaracha?"
  25. Eolaí faisin ag FreshPair
  26. Leathanach tiaracha na mban ag FreshPair
  27. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  28. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  29. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  30. KNBC in Los Angeles "Huntington Beach Amends Proposed Nudity Ban To Allow Thong Bikinis"
  31. KNBC in Los Angeles "Huntington Beach Council To Vote On Public Nudity Ordinance"
  32. OC Register "Council puts nudity ban into effect"
  33. FreshPair news release
  34. Suirbhé ag Mister Poll ar mhanaí tiarach - torthaí
  35. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  36. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  37. Díospóireacht ag Families Forum
  38. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  39. Díospóireacht Yahoo! Answers
  40. Díospóireacht ag Yahoo! Answers
  41. Díospóireacht ag Yahoo! Answers "Are thongs still hot?"
  42. Díospóireacht ag Yahoo! Answers "13 and wearing a thong? is it ok?"
  43. Palo Alto online
  44. Díospóireacht ag Yahoo! Answers "Thong whale tail?"
  45. Díospóireacht ag Yahoo! Answers "Is it safe to wear a thong when having a period?"