Thomas Pynchon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Pynchon

(1955) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Bealtaine 1937
86 bliana d'aois
Glen Cove (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cornell - English literature (en) Aistrigh (1953–1959)
Oyster Bay High School (en) Aistrigh - dioplóma ardscoile (–1953) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Áit chónaitheManhattan
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, scríbhneoir ficsean eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –
FostóirBoeing, scríbhneoir teicniúil (1960–1962) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidVladimir Nabokov
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
AthairThomas Ruggles Pynchon Sr.  agus Catherine Frances Pynchon
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do
Síniú

IMDB: nm1535410 Musicbrainz: 0952910b-7e97-4aec-8186-2f9f76a4dd14 Discogs: 879893 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Meiriceánach is ea Thomas Ruggles Pynchon Jr. Rugadh i nGlen Cove, Nua-Eabhrac é ar 8 Bealtaine 1937. Chaith sé dhá bhliain ag déanamh staidéir ar an fhisic innealtóireachta in Ollscoil Cornell roimh dó dul sa Chabhlach Meiriceánach. Sa bhliain 1957 d'fhill sé ar Chornell agus céim sa Bhéarla ar lorg aige. Bhí Vladimir Nabokov ag tabhairt léachtanna san ollscoil ag an am, agus glactar leis go raibh Pynchon mar dhalta aige. Díthreabhach is ea Pynchon na laethanta seo ach tá sé fós ag scríobh - tháinig an leabhar Inherent Vice amach ar 9 Lúnasa 2009.

Tá stíl faoi leith ag Thomas Pynchon agus tá tréithe scéalta bleachtaireachta ag baint lena shaothar. Lena chois sin tá an teagmháil, an eantrópacht, an paranóia agus cúrsaí fochultúir le fáil mar théamaí ina chuid scéalta.

Ag seo úrscéalta agus gearrscéalta dá chuid:

  • V. (1963)
  • The Crying of Lot 49 (1966)
  • Gravity's Rainbow (1973)
  • Slow Learner (1984)
  • Vineland (1990)
  • Mason and Dixon (1997)
  • Against the Day (2006)
  • Inherent Vice (2009)