Jump to content

Thomas Hardy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThomas Hardy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Meitheamh 1840
Dorchester, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Eanáir 1928
87 bliana d'aois
Dorchester, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaAbtheach Westminster
Stinsford Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Londain - luach ar iarraidh (1865–1866)
Architectural Association School of Architecture (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtNádúrachas
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileEmma Lavinia Gifford (1874–)
Florence Dugdale (1914–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0362762 IBDB: 10098
Musicbrainz: d4665aa6-efae-439d-b12d-86c81cd02898 Songkick: 383244 Discogs: 740620 IMSLP: Category:Hardy,_Thomas Find a Grave: 4112 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar agus file Sasanach ab ea Thomas Hardy (2 Meitheamh 1840 - 11 Eanáir 1928). Cé gur shíl sé go raibh sé ina fhile mar ghairm bheatha, tá clú agus cáil air mar gheall ar a chuid úrscéalta, Tess of the D’Urbervilles agus Far from the Madding Crowd ina measc. Bhí an chuid is mó dá shaothair (chuir i gcló ar dtús mar shraithscéalta) suite sa thír leath-shamhailteach ‘Wessex’ (ach bunaithe ar cheantar Dorchester agus an shír stairiúil).

Florence Hardy ar an dtrá, 1915.

Rugadh Thomas Hardy i Higher Bockhampton, sráidbhaile de chuid paróiste Stinsford gar le cathair Dorchester i nDorset, Sasana. D’oibrigh a athar, Tomás (b.1892), mar shaor cloiche agus tógalaí áitiúil. Bhí léamh agus léann ag a mháthair, Jemima, agus thug sí teagasc dó gur thosaigh sé ag bunscoil i mBockhampton agus é ocht mbliana d’aois. D’fhreastail sé ar “Mr. Last’s Academy for Young Gentlemen” ar feadh roinnt bliain i nDorchester, d’fhoghlaim sé Laidin agus d’éirigh sé go maith lena chuid staidéir.[1] Áfach, bhí easnamh acmhainní ag a mhuintir chun é a thacú san ollscoil, agus dá bhrí sin, chríochnaigh sé leis an oideachas agus é sé bliana déag d’aois. Chuaigh sé i gcomhlacht ailtireachta áitiúla, mar phrintíseach le James Hicks.[2] Rinne sé staidéar ar an ailtireacht i nDorchester, ach bhog sé chuig Londain sa bhliain 1862, áit a ndeachaigh sé i gColáiste an Rí mar dhalta. Bhuaigh sé duaiseanna éagsúla in ailtireacht ann, ach ní raibh sé sásta a bheith ina chónai i Londain.

D’fhill sé ar Dorset tar éis cúig bliana i Londain, agus nuair a bhí sé ar mhisean ailtireachta i gCorn na Breataine chun séipéal paróiste Naomh Juliot a dheisiú,[3] bhuail agus thit sé i ngrá le Emma Lavinia Gifford, cailín a phós sé sa bhliain 1874. Cé gur scar siad níos déanaí sa shaol, bhraith sé ualach mór air nuair a fuair sí bás sa bhliain 1912. Tar éis bás a bhean chéile, tháinig Hardy ar ais ar Chorn na Breataine chun ath-chuirt a thabhairt ar áiteanna a bhain lena gcaidreamh, agus scríobh sé Poems 1912-13 le Emma ar a aigne. Phós sé arís sa bhliain 1914 lena rúnaí Florence Emily Dugdale, a raibh 39 bliana níos óige.

Cailleadh Hardy um trathnóna ar 11 Eanáir, 1928, tar éis a dhán deiridh a aithris lena bhean chéile, agus é ar leaba an bháis.

Theip ar Hardy a chéad úrscéal, The Poor Man and the Lady, a fhoilsiú nuair a chríochnaíodh é sa bhliain 1867. Mhill sé an lámhscríbhinn, agus dá bharr sin, níl ach cuid an úrscéil fágtha sa lá atá ann inniu. Thug cara (an file agus údar George Meredith) misneach agus spreagadh dó, agus foilsiódh Desperate Remedies (1871) agus Under the Greenwood Tree (1872) gan ainm. D’éirigh Hardy as an úrscéalaíocht tar éis fhoilsiú Jude the Obscure sa bhliain 1895, mar thoradh ar léirmheasanna diúltach fíochmhar ón mheáin chumarsáide agus i measc an pobail. Lean sé ar an bhfilíocht in ionad an úrscéalaíocht.

Dheighil Hardy a chuid saothair i dtrí catagóir:

Úrscéalta maidir le carachtar agus timpeallacht (”Novels of Character and Environment”)

Scéalta Grá agus Scéalta Fantaisíochta (”Romances and Fantasies”)

Úrscéalta maidir le Beartaíocht (”Novels of Ingenuity”)

Gearrscéalta (le dáta na chéad eagrán)

  • "How I Built Myself A House" (1865)
  • "Destiny and a Blue Cloak" (1874)
  • "The Thieves Who Couldn't Stop Sneezing" (1877)
  • "The Duchess of Hamptonshire" (1878)
  • "The Distracted Preacher" (1879)
  • "Fellow-Townsmen" (1880)
  • "The Honourable Laura" (1881)
  • "What The Shepherd Saw" (1881)
  • "A Tradition of Eighteen Hundred and Four" (1882)
  • "The Three Strangers" (1883)
  • "The Romantic Adventures Of A Milkmaid" (1883)
  • "Interlopers At The Knap" (1884)
  • "A Mere Interlude" (1885)
  • "A Tryst At An Ancient Earthwork" (1885)
  • "Alicia's Diary" (1887)
  • "The Waiting Supper" (1887–88)
  • "The Withered Arm" (1888)
  • "A Tragedy Of Two Ambitions" (1888)
  • "The First Countess of Wessex" (1889)
  • "Anna, Lady Baxby" (1890)
  • "The Lady Icenway" (1890)
  • "Lady Mottisfont" (1890)
  • "The Lady Penelope" (1890)
  • "The Marchioness of Stonehenge" (1890)
  • "Squire Petrick's Lady" (1890)
  • "Barbara Of The House Of Grebe" (1890)
  • "The Melancholy Hussar of The German Legion" (1890)
  • "Absent-Mindedness in a Parish Choir" (1891)
  • "The Winters And The Palmleys" (1891)
  • "For Conscience' Sake" (1891)
  • "Incident in Mr. Crookhill's Life"(1891)
  • "The Doctor's Legend" (1891)
  • "Andrey Satchel and the Parson and Clerk" (1891)
  • "The History of the Hardcomes" (1891)
  • "Netty Sargent's Copyhold" (1891)
  • "On The Western Circuit" (1891)
  • "A Few Crusted Characters: Introduction" (1891)
  • "The Superstitious Man's Story" (1891)
  • "Tony Kytes, the Arch-Deceiver" (1891)
  • "To Please His Wife" (1891)
  • "The Son's Veto" (1891)
  • "Old Andrey's Experience as a Musician" (1891)
  • "Our Exploits At West Poley" (1892–93)
  • "Master John Horseleigh, Knight" (1893)
  • "The Fiddler of the Reels" (1893)
  • "An Imaginative Woman" (1894)
  • "The Spectre of the Real" (1894)
  • "A Committee-Man of 'The Terror'" (1896)
  • "The Duke's Reappearance" (1896)
  • "The Grave By The Handpost" (1897)
  • "A Changed Man" (1900)
  • "Enter a Dragoon" (1900)
  • "Blue Jimmy: The Horse Stealer" (1911)
  • "Old Mrs. Chundle" (1929)
  • "The Unconquerable"(1992)

Cnuasaigh filíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • The Photograph (1890)
  • Wessex Poems and Other Verses (1898)
  • Poems of the Past and Present (1901)
  • The Man He Killed (1902)
  • Time's Laughingstocks and Other Verses (1909)
  • The Voice (1912)
  • Satires of Circumstance (1914)
  • Moments of Vision (1917)
  • Collected Poems (1919)
  • Late Lyrics and Earlier with Many Other Verses (1923)
  • Human Shows, Far Phantasies, Songs and Trifles (1925)
  • Winter Words in Various Moods and Metres (1928)
  • The Complete Poems (Macmillan, 1976)
  • Selected Poems (chuir in eagar le Harry Thomas, Penguin, 1993)
  • Hardy: Poems (Everyman's Library Pocket Poets, 1995)
  • Thomas Hardy: Selected Poetry and Nonfictional Prose (St. Martin's Press, 1996)
  • Selected Poems (chuir in eagar le Robert Mezey, Penguin, 1998)
  • Thomas Hardy: The Complete Poems (chuir in eagar le James Gibson, Palgrave, 2001)
  1. Claire Tomalin, Thomas Hardy: the Time-torn Man (Penguin, 2007) ll.30,36. (Béarla)
  2. Lauren Walsh, ‘Introduction’, The Return of the Native le Thomas Hardy (New York: Barnes & Noble Classics, 2005). (Béarla)
  3. James Gibson (eg.), Chosen Poems of Thomas Hardy (London: Macmillan Education, 1975), l. 9. (Béarla)

Naisc sheachtracha‎

[cuir in eagar | athraigh foinse]