The Stone Roses
Baill | |
---|---|
Ian Brown (Warrington, 20 Feabhra 1963 - ). Amhránaí | |
Sonraí | |
Cineál | racbhanna |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1983, Manchain |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1983 – 1996 |
Lipéad ceoil | Silvertone Records |
Seánra | Rac malartach agus rac indie |
Eile | |
Gradam a fuarthas | |
Is grúpa rac-cheoil mór le rá as Manchain, Sasana é The Stone Roses, a bhain cáil idirnáisiúnta amach sa bhliain 1989.
Luaitear an t-albam "The Stone Roses" go minic nuair a phléitear na ceirníní is fearr riamh. Feictear orthu inniu mar cheannródaithe, os rud é go raibh siad ar cheann de na racghrúpaí neamhspleácha (nó "indie", mar a tugtar air as Béarla) ba mhó a tháinig as an gcathair siúd ag deireadh na hochtóidí agus tús na nóchaidí.
Cé go raibh meas mór tuillte acu leis an céad albam, bhí fadhbanna acu le conarthaí ceoil ina dhiaidh sin agus chuir siad cúig bliana amú sular scaoil siad an dara cheann. Cuireadh deireadh leo go hoifigiúil tar éis seó lag míchlúiteach ag an bhFéile Reading sa bhliain 1996.
Tháinig bunbhaill an ghrúpa le chéile in athuair sa bhliain 2011 agus d'imigh siad amach ar chamchuairt sa bhliain 2012.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim sa stiúideo
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1989 - The Stone Roses
- 1994 - Second Coming
Díolamaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1992 - Turns into Stone
- 1995 - The Complete Stone Roses
- 1996 - Garage Flower
- 2000 - The Remixes
- 2004 - The Very Best of The Stone Roses
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh déanta ag leantóirí Curtha i gcartlann 2008-04-23 ar an Wayback Machine
- Ceol, nuacht agus eolas ar nme.com
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |