The Quiet American

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharThe Quiet American
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarGraham Greene Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe, 1955 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirHeinemann (en) Aistrigh
Tréith
PríomhábharCogadh Vítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal cogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaVítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith

Is úrscéal de chuid Graham Greene é The Quiet American a foilsíodh sa bhliain 1955. Déanadh scannán de dhá uair, i 1958 agus 2002.

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lonnaithe i Saigon, Vitneam, ag tús na bliana 1952, i rith an chogaidh idir an Fhrainc agus na Viet Minh. Is iad na príomhphearsanna ná Thomas Fowler, iriseoir Sasanach le seantaithí, Poncánach den ainm Alden Pyle ag obair mar chuid de fhoireann tacaíochta leighis agus Phuong, girseach áitiúil a bhfuil an bheirt i gcomórtas fúithi. Diaidh ar ndiaidh cuireann pearsantacht Pyle isteach ar Fowler agus léirítear dó go bhfuil Pyle ag tacú go rúnda leis an Ghinearál The ar son an CIA. Déanann Pyle agus The ionsaí buamála ar an bpobal, le neart básanna de dhaoine neamhúrcóideacha agus chuireann siad an milleán ar na Viet Minh. Tá caidreamh, comhrá agus díospóireachtaí idir Fowler agus Pyle agus iad ag plé moráltacht an cogadh agus fealsúnacht Pyle, a chuirtear i láthair mar soineantacht.Tá codarsnacht idir an caidreamh grámhar ag Pyle le Phuong agus an easpa comhbhá aige le na marbh agus mí-ionrachais agus gránnacht a ghníomhanna rúnda. I ndeireadh thiar thall fillean an feall ar an bhfeallaire agus maraítear Pyle go míthrócaireach.

An Teachtaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cuir amach maith ag Greene ar an Ind-Sín ag an tráth sin agus rinne sé cuir síos snasta ar na fadhbanna a bhí ann do na cumhachtaí coilíneachta idir an Fhrainc agus níos déanaí na Stáit Aontaithe. Ní mó ná sásta a bhí na Meiriceánaí leis an léiriú a thug sé ar a mbaint leis an scéal.