The Pussycat Dolls
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Giorrúchán | PCD | ||||
| Cineál | banna ceoil | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 2003, Los Angeles | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Tréimhse oibre | 2003 – | ||||
| Lipéad ceoil | Polydor Universal Music Group A&M Records Interscope Records First Access Entertainment | ||||
| Seánra | Popcheol rince, R&G chomhaimseartha agus popcheol | ||||
| Codanna | |||||
| Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
| Suíomh gréasáin | pcdmusic.com | ||||
Ba ghrúpa ceoil agus damhsa Meiriceánach iad na Pussycat Dolls (ar a dtugtar PCD uaireanta).
Bhunaigh Robin Antin an grúpa sa bhliain 1995 i Los Angeles, California. D’éirigh le Robin Antin conradh ceirníní a eagrú le A&M Records agus Interscope Records i 2003, agus athraíodh na Pussycat Dolls ina ngrúpa ceoil. Faoi 2005, ba í Nicole Scherzinger an príomhamhránaí, le Melody Thornton, Jessica Sutta, Ashley Roberts, Kimberly Wyatt, agus Carmit Bachar mar bhaill eile. Chuaigh an grúpa i mbun cláracha teilifíse réaltachta, seó i Las Vegas, trádála agus gníomhaíochtaí eile eagraithe ag Antin, Interscope, agus a gcomhpháirtithe. Tháinig cáil idirnáisiúnta ar na Pussycat Dolls i 2005 lena n-albam PCD, a shroich uimhir a cúig ar Chairt Billboard 200 na Stát Aontaithe. Bhí na singil rathúla "Don't Cha", "Buttons", agus "Stickwitu" san albam; amhrán a ghnóthaigh ainmniúchán Ghradam Grammy don ghrúpa. Tar éis do Carmit Bachar an grúpa a fhágáil i Márta 2008, lean an grúpa ar aghaidh mar chúigear. Rinne siad a dara halbam, Doll Domination, i 2008. Áiríodh leis an albam na singil "When I Grow Up", "I Hate This Part" agus "Jai Ho! (You Are My Destiny)".
Tá cáineadh déanta ar an ngrúpa as a n-íomhá agus a ndamhsaí a bheith ró-ghnéasach. Chomh maith leis sin, dúradh go n-úsáidtear Nicole Scherzinger ró-mhór, mar is í a chanann formhór na gceannaireachtaí agus na guthanna cúlra.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |