The Art of Loving
Cuma
| Cineál | saothar scríofa |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Erich Fromm |
| Teanga | Béarla |
| Foilseachán | Stáit Aontaithe Mheiriceá, 1959 |
| Dáta a bunaíodh | 1956 |
| Foilsitheoir | Harper |
| Tréith | |
| Príomhábhar | grá agus síceolaíocht shóisialta |
| Seánra | aiste |
Is leabhar síceolaíochta é The Art of Loving ("Dán an Ghrá") a foilsíodh sa bhliain 1956. Is é an síceolaí agus fealsamh sóisialta Gearmánach Erich Fromm a scríobh é. Ins an leabhar, déanann Fromm grinn-staidéir ar bhunphrionsabail an nádúir daonna, a luaigh sé den chéad uair sa bhliain 1942 sa leabhar The Fear of Freedom nó Escape from Freedom (eagrán Meiriceánach den leabhar céanna).
Is é an teoiric atá ag Fromm maidir leis an ghrá ná gur scil é a chaithfear foghlaim agus cleachtadh a dhéanamh air. Séanann Fromm an teoiric a deir gur rud rúndiamhair draíochtach é an grá, nach féidir anailís a dhéanamh air, nó nach féidir a mhíniú. Tá sé sceiptiúil freisin faoin nóisin go dtitear i ngrá nó go mbítear anbhann in éadan an ghrá.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The Art of Loving le Erich Fromm, 1956
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |