Jump to content

Théodore Claude Henri, vicomte Hersart de la Villemarqué

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThéodore Claude Henri, vicomte Hersart de la Villemarqué

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Théodore-Claude-Henri Hersart de La Villemarqué Cuir in eagar ar Wikidata
7 Iúil 1815
Quimperlé, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Nollaig 1895
80 bliana d'aois
Quimperlé, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach Société archéologique du Finistère
1876 – 1895
← Louis de CarnéMaurice Halna du Fretay (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síPetit séminaire de Sainte-Anne d'Auray
École nationale des chartes Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFocleolaíocht agus béaloideaseolaíocht
Gairmfoclóirí, béaloideasóir, scríbhneoir, staraí, teangeolaí, file, focleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteKervarker Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis agus an Bhriotáinis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachHersart de La Villemarqué Family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileClémence Tarbé des Sablons (en) Aistrigh (1846–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPierre Hersart de La Villemarqué  agus Ursule Feydeau de Vaugien (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas

Fileolaí agus fear léannta Briotánach ab ea Théodore Claude Henri, vicomte Hersart de la Villemarqué (6 Iúil 1815 – 8 Nollaig 1895).

Rugadh La Villemarqué in Quimperlé, Finistère ar an 6 Iúil 1815. Ba de shliocht seanteaghlach Briotánach é, agus áiríodh i measc an teaghlaigh duine a bhí tar éis dul in éineacht le Saint Louis go dtí na Crosáidí, agus duine eile a bhí ina chomadaí catha ag Bertrand du Guesclin. Chaith La Villemarqué dúthracht a shaoil le mórshaothair litríocht na Briotáinise a thabhairt chun léire. Thug Jakob Grimm isteach é mar chomhfhreagraí de chuid Acadamh Bheirlín sa bhliain 1851, agus sa bhliain 1858 ceapadh é ina bhall d'Acadamh na nInscríbhinní. D’éag sé i gCaisleán Keransker in aice le Quimperlé ar an 8 Nollaig 1895. [1]

I measc a shaothar tá: Contes populaires des anciens Bretons (1842), ar cuireadh aiste ar bhunús scéalta rómánsacha an Bhoird Chruinn mar réamhrá leis; Essai sur l’histoire de la langue bretonne (1837); Poèmes des bardes bretons du sixième siècle (1850); La Légende celtique in Irlande, in Cambrie et in Bretagne (1859). Rinne sé leasú suntasach ar na hamhráin mhóréilimh Bhriotáinise a d’fhoilsigh sé in 1839 sa leabhar Barzaz Breiz. Tá saothar scoláirí níos déanaí tagtha in ionad shaothar La Villemarqué, ach tá de cháil air go ndearna sé go leor chun suim an phobail a san ábhar a mhúscailt.[1]

  1. 1.0 1.1 Chisholm 1911.