Tesla Motors

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTesla Motors
(en) Tesla, Inc. Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
(2022) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósNikola Tesla Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmonaróir carranna
fiontar
corparáid
gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Iúil 2003, Palo Alto Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Martin Eberhard agus Marc Tarpenning Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TáirgeTesla Roadster (first generation) (en) Aistrigh, Tesla Model 3 (en) Aistrigh, Tesla Model X (en) Aistrigh, Tesla Model S (en) Aistrigh, Tesla Powerwall (en) Aistrigh, Tesla Semi (en) Aistrigh, Tesla Model Y (en) Aistrigh, Tesla Powerpack (en) Aistrigh, Tesla Solar Roof (en) Aistrigh, Tesla Solar Panels (en) Aistrigh, Tesla Supercharger network (en) Aistrigh, Tesla Megapack (en) Aistrigh, gluaisteán leictreach, electric truck (en) Aistrigh, lithium-ion battery (en) Aistrigh agus solar panel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deLOT Network (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(NASDAQ TSLA) - (FWB TL0) - () - (LSE 0R0X) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (2021–)
UachtaránachtRobyn Denholm (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifigeach feidhmiúcháinElon Musk (2008–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe127,855 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirElon Musk (20.8%).
Baillie Gifford (en) Aistrigh (7.6%).
Capital Ventures International (en) Aistrigh (6.7%).
Capital Group Companies (5.9%).
Larry Ellison (1.7%). Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Cuid deNASDAQ-100
S&P 500
Natur-Aktien-Index (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Iar-ainm
Tesla Motors, Inc. (2003–2017)
Tesla, Inc. (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Cothromas iomlána30,189 M$ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Ioncam iomlán81,462 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús12,556 M$ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána62,131 M$ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáintesla.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: TeslaMotorsCorp Twitter: Tesla Instagram: teslamotors LinkedIn: tesla-motors Youtube: UC5WjFrtBdufl6CZojX3D8dQ Vimeo: teslamotors GitHub: teslamotors Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht é Tesla Motors, Inc. bunaithe i gCailifornia a dearaíonn, a dhéanann, agus dhíolann carranna leictreacha agus comhpháirteanna de ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha.

Is comhlacht poiblí é Tesla Motors a thrádálann ar an stocmhalartán NASDAQ faoin siombail TSLA.

Bhí sé ráite sa bhliain 2013 ag Elon Musk, príomhoifigeach feidhmiúcháin an chomhlachta, go bhfuil se de rún ag Tesla bheith ina carr-dhéantúsóir neamhspleách, a mbeadh dírithe sa deireadh thiar ar charranna leictreacha a mhais-tháirgeadh go hiomlán, ar phraghas réasúnta chuig an gnáth thomhaltóir.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2001, rinne Meiriceánach darbh ainm Martin Eberhard a shaibhreas i Silicone Valley, agus d’úsáid sé féin agus cúpla cara dá chuid a gcuid airgid chun comhlacht gluaisteán nua-aimseartha a chur ar bun. Tesla Motors an t-ainm a thug siad air, in ómós do Nikola Tesla, an t-innealtóir agus ceapadóir Seirbiach a fuair bás i 1943. (Ba eisean an chéad duine a mhol sruth ailtéarnach a úsáid chun leictreachas a tharchur).[1]

Dar leis an Uasal Eberhard, nuair a d’fhéach sé ar na gluaisteáin leictreacha a bhí déanta ag na monaróirí móra gluaisteán sna 1990idí, bhí rud amháin soiléir dó: “Na daoine a rinne na gluaisteáin seo, ní raibh dúil acu bheith ag tiomáint.”[1]

Mar sin, rinne sé féin agus a fhoireann gluaisteán leictreach thar a bheith éagsúil a dhearadh, carr spórtúil, ar féidir leis níos mó ná 200 ciliméadar san uair a dhéanamh, ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim (ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige).

Shocraigh na hinnealtóirí go ndéanfaidís gluaisteán ar ardchaighdeán ar dtús, a chruthódh go raibh an teicneolaíocht i gceart agus a mheallfadh airgead chun gluaisteáin eile a fhorbairt.

Tá cáil ar Elon Musk as an Tesla Roadster a chruthú, arbh é an chéad ghluaisteán leictreach inmharthana na linne seo, Bhí infheistíocht déanta ag Musk i dTesla sa bhliain 2004 (ní raibh ann ach $6.5 million) agus ó 2008 ar aghaidh, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Tesla.

Bhí praghas €80,000 ar an “Tesla Roadster” sa bhliain 2006 agus tháinig an chéad sraith cheart (100 feithicil) amach sa bhliain 2007. Nuair a d’fhoilsigh Tesla Motors a phlean in 2006, fuair siad neart iarratas ó dhaoine a bhí ag iarraidh gluaisteán a cheannach. Mar sin, agus in ainneoin an phraghais agus an fheithimh, bhí an chéad sraith ar fad díolta taobh istigh de chúpla seachtain. Bhí timpeall céad duine sásta €80,000 a íoc ar ghluaisteán nár thiomáin siad riamh agus ar ghá fanacht bliain leis.[1]

Chuir Sergey Brin, duine den bheirt a bhunaigh Google, dhá Tesla Roadster in áirithe. Chuir an t-aisteoir George Clooney ceann amháin in áirithe. Ní raibh na Tesla Roadster ar díol ach i Meiriceá ag an am sin, agus i gceithre nó cúig cinn de bhailte móra amháin.[1]

Bhí Tesla Motors ag díol 2,000 go bliantúil ó 2009. An aidhm atá acu ná gluaisteáin leictreacha a dhéanamh “gnéasach” a dúirt an comhlacht ag an am.

2013[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2013, phostáil Tesla brabúis don chéad uair i rith an chéad ráithe de 2013. bhain Tesla Motors Tesla aird fhorleathan amach as an Tesla Roadster a tháirgeadhth, an chéad charr spóirt iomlán leictreacha, agus ina dhiaidh sin as an Model E, salún sóchais a bhí go hiomlán leictreach.

Teslas nua ag an mhonarcha sa bhliain 2012

Cuireann Tesla Motors comhpháirteanna de ghléasraí cumhachta le haghaidh feithiclí leictreacha ar an mhargadh freisin, lena n-áirítear pacáistí de cheallraí ian litiam, le haghaidh carr-dhéantúsóirí eile, lena n-áirítear Daimler agus Toyota.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Pádraig Mac Éamoinn (DF 2006). "Íomhá nua na ngluaisteán leictreach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-08-11.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]