Gluaisteán leictreach
Jump to navigation
Jump to search
Gluaisteán a dearadh chun a bheith tiomáinte le mótar leictreach. Tá feithiclí leictreacha in úsáid le fada chun bainne a sheachadadh, agus mar chairteacha gailf is a leithéid. Go dtí seo níl an gluaisteán leictreach iomaíoch leis an ngluaisteán peitril mar gheall ar mheáchan na mbatairí is gá chun fad réasúnta a bhaint amach ar athluchtú. Ach tá feabhais déanta ar na batairí, éifeacht an mhótair, agus córais eile an ghluaisteáin. Tá seirbhísí athluchtaithe á gcur ar fáil go forleathan i dtíortha éagsúla, ionas go bhfuil níos mó gluaisteán leictreach á gcur ar an margadh. Feicfear amach anseo conas a éireoidh leo.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |