Teorainn choinbhéirseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa theicteonaic phlátaíI is éard is teorainn choinbhéirseach ann, ar a dtugtar freisin teorainn plátaí scriosacha (mar gheall ar fhodhuchtú) ná réigiún ar a bhfuil athrú gníomhach ag teacht i bhfeidhm ar a chruth, toisc gur bhog dhá phláta teicteonach (nó níos mó) nó blúirí an litisféir, i dtreo a chéile agus gur bhuail siad a chéile. Mar thoradh ar bhrú, chuimilte, agus ábhar pláta ag leá sa mhaintlín, tarlíonn creathanna talún agus bolcáin coitianta in aice leis na teorainneacha coinbhéirseachta. Nuair a bhogann dhá pláta i dtreo a chéile. cruthaítear crios fodhuchtaithe nó imbhualadh ilchríochach. Braitheann sé seo ar nádúr na bplátaí atá i gceist. I gcrios fodhuchtaithe, bogann an pláta a bhíonn ar barr, de ghnáth pláta le screamh aigéanach air, faoi bhun an pláta eile, gur féidir a bheith déanta as screamh aigéanach nó ilchríochach. Cruthaítear sliabhraonta móra, ar nós na Himiléithe, le linn imbhuailtí idir dhá pláta ilchríochach.

Aigéanach-ilchríochach
Ilchríochach-ilchríochach
Aigéanach-aigéanach

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Braitheann saghas na teorann coinbhéirsí ar na gcineál plátaí atá ag imbhualadh le chéile. Ag teorainn cóineasaithe aigéanach-ilchríochach, beidh an litisféar aigéanach fodhuchtaithe i gcónaí faoi bhun an litisféir ilchríochaigh. Difríocht an dlúis choibhneasta idir an litisféar aigéanach (3.0 g / cm3) agus litisféar ilchríochach (2.7 g / cm3) is cúis le seo. Tugtar, freisin, an crios fodhuchtaithe ar an chineál teorann seo. Ar dhromchla an Domhain, is é an toradh topagrafach coitianta ná trinse aigéanach a cruthaítear ar an taobh aigéanach, comhthreomhar leis an gcrios fodhuchtaithe. Ar an taobh ilchríochach, cruthaítear slabhra bolcáin os cionn suíomh an phláta fhodhuchtaithe, a chruthú sliabhraoin dá ngairmtear stua bolcánach. Sampla de chrios fodhuchtaithe ilchríochach-aigéanach is ea an limistéar feadh chósta thiar Mheiriceá Theas ina bhfuil an pláta aigéanach, an Pláta Nazca á fhodhuchtú faoi bhun na hilchríche, sé sin Pláta Mheiriceá Theas.