Teoiric na gcluichí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Anailís mhatamaiticiúil ar chúrsaí a mbíonn breith lárnach iontu. Sampla coitianta is ea anailís ar mhionshamhlacha teibí de choimhlint straitéiseach, mar a tharlaíonn i gcúrsaí cogaidh nó gnó, chun teacht ar an mbealach is fearr chun fadhbanna a réiteach. Baintear feidhm aisti i dtaighde ar oibríochtaí, pleanáil mhíleata is eacnamaíoch, clárú líneach, agus eile. An matamaiticeoir Francach Émile Borel (1871-1956) agus an matamaiticeoir Ungárach (a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe) John von Neumann (1903-1957) is mó a chuir an brainse seo den mhatamaitic chun cinn.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric na gcluichí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 659.