Teoiric na gCeall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cealla ailse an duine, leis na núicléis (go sonrach an ADN) le ruaim ghorm curtha air. Tá an chill sa lár agus níos faide ar dheis san idirphas, mar sin, tá na núicléis go huile is go hiomlán lipéadaithe. Tá an chill ar an taobh clé ag dul trí chéim na miotóise agus a hADN comhdhlúite.

Sa bhitheolaíocht, is éard is Teoiric na gCeall ann ná teoiric eolaíoch stairiúil, a nglactar leis go forleathan anois, go bhfuil orgánaigh bheo déanta de chealla, gur aonad bunúsach struchtúrach/eagraíochta iad i ngach orgánach, agus go dtagann na cealla go léir ó chealla a bhí ann cheana féin. Bunaonad  struchtúrach na n-orgánach go léir is ea cealla, agus freisin an t-aonad bunúsach atáirgthe.De réir a chéile rinneadh feabhas leanúnach ar an mhicreascóip,  agus méadaíodh an fachtóir  formhéadúcháin go leor go dtí go  raibh daoine in ann cealla a aimsiú sa 17ú haois. Laitear an an fhionnachtain seo den chuid is mó le Robert Hooke, agus cuireadh tús leis an staidéar eolaíoch na gceall, ar a dtugtar freisin bitheolaíochta na gceall. Ní mó ná céad bliain níos déanaí, thosaigh go leor díospóireachtaí faoi chealla i measc eolaithe. Bhí an chuid is mó de na díospóireachtaí sin bainteach le nádúr na hathghiniúna sna cealla, agus an bharúil gurb iad na cealla aonaid bhunúsacha an tsaoil. Ceapadh teoiric na gceall  ar deireadh thiar sa bhliain 1839. Luaitear seo de ghnáth le Matthias Schleiden agus Theodor Schwann. Mar sin féin, tá go leor eolaithe eile cosúil le Rudolf Virchow a chuidigh leis an teoiric. Ba chéim thábhachtach í sa ghluaiseacht ar shiúl ó phrionsabal na huathghiniún..

Thíos luaite, tá trí dhearbhphrionsabal na teoirice:

  1. Tá na horgánaigh bheo go léir comhdhéanta de chill amháin ar a laghad.
  2. An t-aonad bunúsach struchtúrach agus eagraíochta san orgánach is ea an chill.
  3. Tagann cealla ó chealla atá ann cheana féin.

Ceistítear fírinne an chéad dearbhphrionsabail thuas luaite, mar mheastar uaireanta gur foirmeacha beatha iad eintitis neamhcheallacha amhail víris.[1]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Villarreal, Luis P. (August 8, 2008) Are Viruses Alive? Scientific American