Teoiric na faisnéise
Tugtar teoiric na faisnéise ar theoiric mhatamaiticiúil a díorthaíodh ó bhunsaothar na matamaiticeoirí ó na Stáit Aontaithe, Claude Shannon (1916-2001) is Warren Weaver (1894-1978), cuimsithe sa leabhar The Mathematical Theory of Communication (Teoiric Mhatamaiticiúil na Cumarsáide, 1949), agus ó theoiric na dóchúlachta. Baineann sí le sainmhíniú is tomhas an oiread eolais is atá i dteachtaireacht, le códú is díchódú eolais, agus le toilleadh tarchur cainéal cumarsáide. Is bunchoincheap gur mó an t-eolas atá i rud inréamhinste. Mar shampla is mó an t-eolas, sa Bhéarla, an z ná an e, agus níl eolas ar bith sa u i ndiaidh q atá lánréamhinste. Pléann an teoiric freisin le fadhb an torainn (trasnaíocht randamach) ar chainéal, a chuireann isteach ar ghlacadh is díchódú comhartha. Chun baol earráide a laghdú agus éifeacht an chórais a fheabhsú, ba cheart go mbeadh oiread éigin barraíochta sa chomhartha. Mar shampla, san uimhir a úsáidtear chun leabhar a ionannú, an ISBN, tugann an giotán deiridh eolas a ligeann do dhuine seiceáil an bhfuil an chuid eile den uimhir bailí. Bhí, agus tá, an teoiric seo tábhachtach i dtuiscint na gcórais cumarsáide a chur chun cinn agus dearadh na gcód i gcomhair tarchur eolais i ríomhairí. Ní bhaineann brí nó tábhacht an eolais i dteachtaireacht ar bith le hábhar in aon chor.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teoiric na faisnéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 659.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |