Trasnaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiniméan a tharlaíonn sa bhfisic nuair a théann dhá thonn den mhinicíocht chéanna, nó minicíochtaí an-ghar dá chéile, trí phointe ag an am céanna. Forshuíonn an dá thonn ar a chéile, agus is ionann a dtarlaíonn is suimiú an dá thonn ag gach meandar. Braitheann an patrún trasnaíochta ar phais choibhneasta na dtonnta. Iarmhairtí trasnaíochta is ea béimeanna sa bhfuaim agus díraonadh sa bhfuaim is an solas. Chun trasnaíocht a bhrath le solas, is gá solas ar dhath amháin (tonnfhad amháin) ó fhoinse amháin a chur trí dhá scoiltín chomhthreomhara i mbac teimhneach, agus an dá chuid a thagann trí na scoiltíní a chaitheamh ar scáileán. Feictear frainsí comhthreomhara dorcha is geala ar an scáileán, ag léiriú trasnaíochta cuidithí (frainse geal) mar a mbíonn an dá thonn ón dá scoiltín i bpas le chéile, agus trasnaíocht mhillteach (frainsí dorcha) mar a mbíonn an dá thonn leath-thonnfhad as comhphas. Rinne an fisicí Sasanach Thomas Young an turgnamh seo den chéad uair i 1801, léiriú cumasach ar nádúr tonnach an tsolais.