Teoiric ilréad
Cuma
Sa bhfisic, téarma ginearálta do na hiarrachtaí airíonna córas ina bhfuil roinnt cáithníní nó réad a idirghníomhaíonn le chéile, is cuma cén saghas cáithníní is cén fhoirm idirghníomhaithe atá eatarthu, a thuiscint. Samplaí dá leithéid is ea na núicleóin ag gluaiseacht sa núicléas, na leictreoin ag gluaiseacht san adamh, is na pláinéid sa Ghrianchóras, agus baintear feidhm as neasteicníochtaí ilréad len iad a ionramháil. I 1994 chruthaigh an matamaiticeoir Zhihong Xia gur fadhb neamhinsuimeálaithe, gan réiteach matamaiticiúil simplí, í fadhb chlasaiceach na 3 réad, ina n-idirghníomhaíonn 3 réad trí fhórsaí imtharraingthe amháin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teoiric ilréad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |