Teoiric BCS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teoiric chandamach na forsheoltachta, a d'fhorbair John Bardeen, Leon Cooper is Robert Schrieffer i 1957. Cruthaítear staideanna ceangailte leictreondíseanna (díseanna Cooper) a mhíníonn an nialas friotaíochta leictrí agus iarmhairt Meißner. Fuarthas fíorú turgnamhach ar an réamhinsint ón teoiric seo go mbeadh luachanna candamacha ag réimse maighnéadach trí fháinne forsheoltach, agus na luachanna sin ina n-iolraithe d'aonad maighnéadach bunaidh (an floscóideach).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric BCS". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 66.