Iarmhairt Meissner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Iarmhairt Meißner)

I bhforsheoltacht, díchur an réimse mhaighnéadaigh ó chroíleacán an ábhair fhorsheoltaigh. D'fhionn an fisicí Gearmánach Walther Meißner (1882-1974) í i 1933. Má chuirtear bloc miotail i réimse maighnéadach, beidh an réimse i ngach cuid den mhiotal. Ansin má laghdaítear an teocht níos lú ná teocht chriticiúil ar leith atá sainiúil don mhiotal sin, imíonn an réimse go hiomlán ón taobh istigh den mhiotal agus cuirtear iallach ar an réimse sreabhadh timpeall ar an miotal.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Meißner". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 449.