Teilifís ardghléine
Appearance
Sa ghnáth-theilifíseán péinteáiltear an íomhá i 625 líne chothrománach chomhthreomhar, agus athdhéantar an phéinteáil seo le minicíocht fráma de 25 Hz. Cinneann an oiread línte seo an íogaireacht nó an taifeach spásúil is féidir a fháil san íomhá teilifíse. Is éard atá i gceist le teilifís ardghléine[1] ná aon chóras teilifíse le níos mó ná 500-600 líne san íomhá, agus formáid leathan cóimheas féachana na híomhá, cothrom le 16:9 ar an scáileán. Tá córais mar seo le suas go dtí 1050-1250 líne iontu á soláthar agus ag éirí caighdeánach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““teilifís ardghléine” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teilifís ardghéire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |