Teilifís ardghéire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa ghnáth-theilifíseán péinteáiltear an íomhá i 625 líne chothrománach chomhthreomhar, agus athdhéantar an phéinteáil seo le minicíocht fráma de 25 Hz. Cinneann an oiread línte seo an íogaireacht nó an taifeach spásúil is féidir a fháil san íomhá teilifíse. Aon chóras teilifíse le níos mó ná 500-600 líne san íomhá, agus formáid leathan cóimheas féachana na híomhá, cothrom le 16:9 ar an scáileán, is teilifís ardghéire í. Tá córais mar seo le suas go dtí 1050-1250 líne iontu á soláthar agus ag éirí caighdeánach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilifís ardghéire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.