Teilgean Mercator

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fortheilgean a cheap Gerardus Mercator i 1569, a úsáideadh ar dtús don loingseoireacht. Réiteach ar bhunfhadhb, conas dromchla sféarúil a tharraingt ar pháipéar plánach. Bunaithe ar gach domhanleithead a tharraingt ar comhfhad leis an meánchiorcal, agus mar sin, méadaíonn an fad idir na fadlínte de réir mar a mhéadaíonn an fad ón meánchiorcal. Is líne dhíreach ar léarscáil i bhfortheilgean Mercator aon líne ina gcoinnítear luí na líne tairiseach in ionad na líne cuartha mar atá ar an gcruinneog. Is é an díchumadh is mó go mbíonn an fhairsinge áibhéileach ag domhanleithid arda. Bíonn an chuma ar an nGraonlainn go bhfuil sí chomh mór le Meiriceá Theas, bíodh is nach bhfuil i ndáiríre ach timpeall 10% a méide inti.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilgean Mercator". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 451.