Teileapórtáil chandamach
Bealach chun eolas candamach a aistriú ó áit amháin go háit eile. Thairg an fisiceoir Meiriceánach Charles Bennett is a chomhghleacaithe an coincheap i 1993, agus thug Anton Zeilinger is daoine eile an chéad léiriú air i 1996. I dteileapórtáil bunaithe ar fhótóin, is féidir staid an fhótón teachtaire (treoshuíomh a ghuaire, mar shampla) a chur ar fhótón glacadóra i bhfad amach, rud a dhíothaíonn staid an bhunfhótón teachtaire. Baineann teileapórtáil feidhm as feiniméin na haimhréidhe candamaí. Tugann sí aistriú iontaofa eolais chandamaigh ó phointe go pointe, mar a dhéantar i ríomhaire candamach, ag seachaint fadhbanna a fhéadfaidh éirí as leochaileacht na staideanna candamacha. Ach níl aon chumas ann réada móra a iompar ó áit go háit. I 2004 d'éirigh le heolaithe, ag obair go neamhspleách san Astráil is sna Stáit Aontaithe, teileapórtáil a dhéanamh go rathúil ar adaimh trí aistriú giotán candamach (cúighiotán) ó adamh amháin go hadamh eile, le cabhair an 3ú adamh cabhraitheach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teileapórtáil chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 650.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |