Teileapórtáil chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bealach chun eolas candamach a aistriú ó áit amháin go háit eile. Thairg an fisicí Meiriceánach Charles Bennett is a chomhghleacaithe an coincheap i 1993, agus thug Anton Zeilinger is daoine eile an chéad léiriú air i 1996. I dteileapórtáil bunaithe ar fhótóin, is féidir staid an fhótón teachtaire (treoshuíomh a ghuaire, mar shampla) a chur ar fhótón glacadóra i bhfad amach, rud a dhíothaíonn staid an bhunfhótón teachtaire. Baineann teileapórtáil feidhm as feiniméin na haimhréidhe candamaí. Tugann sí aistriú iontaofa eolais chandamaigh ó phointe go pointe, mar a dhéantar i ríomhaire candamach, ag seachaint fadhbanna a fhéadfaidh éirí as leochaileacht na staideanna candamacha. Ach níl aon chumas ann réada móra a iompar ó áit go háit. I 2004 d'éirigh le heolaithe, ag obair go neamhspleách san Astráil is sna Stáit Aontaithe, teileapórtáil a dhéanamh go rathúil ar adaimh trí aistriú giotán candamach (cúighiotán) ó adamh amháin go hadamh eile, le cabhair an 3ú adamh cabhraitheach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teileapórtáil chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 650.